Chun an comhrac i gcoinne calaoise, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
) a éascú, aontóidh ENISA, faoin 28 Nollaig 2019, don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (
8
). Glacfaidh ENISA na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile ENISA, agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.