+Airteagal 36 An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.
---+Airteagal 36 6.
---+Airteagal 36 7.
---+Airteagal 36 8.
---+Airteagal 36 9.
---+Airteagal 36 10.

Airteagal 36 An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1.
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceaptha mar ghníomhaire sealadach de ENISA faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
Airteagal 36 2.
Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.
Airteagal 36 3.
Ar mhaithe le conradh fostaíochta an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann ENISA.
Airteagal 36 4.
Sula ndéanfar an ceapachán, tabharfar cuireadh don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.
Airteagal 36 5.
Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar na cúraimí agus dúshláin a bheidh ann amach anseo do ENISA.
Airteagal 36 6.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 18(2).
Airteagal 36 7.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana.
Airteagal 36 8.
Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Laistigh de thrí mhí roimh aon fhadú den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, má iarrtar é sin air, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna Chomhaltaí an choiste a fhreagairt.
Airteagal 36 9.
Ní ghlacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil fad curtha lena théarma oifige páirt in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.
Airteagal 36 10.
Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.