+Airteagal 54 Gnéithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
|
Airteagal 54 Gnéithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
I scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
▼M1
(a)
ábhar agus raon feidhme na scéime um dheimhniú, lena n-áirítear cineál nó catagóirí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a chumhdaítear;
▼B
(b)
tuairisc shoiléir ar chríoch na scéime agus conas a fhreagraíonn na caighdeáin, na modhanna meastóireachta agus na leibhéil dearbhúcháin a roghnófar do riachtanais na n-úsáideoirí atá beartaithe don scéim;
(c)
tagairtí do chaighdeáin idirnáisiúnta, Eorpacha nó náisiúnta ar cloíodh leo sa mheastóireacht nó i gcás nach mbíonn fáil ar chaighdeáin nó nach iomchuí iad, déanfar tagairt do shonraíochtaí teicniúla a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó, i gcás nach mbíonn na sonraíochtaí sin ar fáil, do shonraíochtaí teicniúla nó do cheanglais eile chibearshlándála a shaineofar sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;
(d)
i gcás inarb infheidhme, leibhéal amháin dearbhúcháin nó níos mó;
(e)
léiriú ar cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear féinmheasúnú comhréireachta faoin scéim;
(f)
i gcás inarb infheidhme, ceanglais shonracha nó bhreise a mbeidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina réir d’fhonn a ráthú go bhfuil an inniúlacht theicniúil acu chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chibearshlándála;
▼M1
(g)
na critéir mheastóireachta shonracha agus na modhanna meastóireachta sonracha atá le húsáid, lena n-áirítear na cineálacha meastóireachta, chun a léiriú go bhfuil na cuspóirí slándála is infheidhme dá dtagraítear in Airteagail 51 agus 51a bainte amach;
▼B
(h)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis atá le soláthar nó atá le cur ar fáil ar shlí eile do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta ag an iarratasóir agus atá de dhíth don deimhniú;
(i)
i gcás ina ndéantar foráil sa scéim maidir le marcanna agus lipéid, na coinníollacha faoinar féidir na marcanna nó na lipéid sin a úsáid;
▼M1
(j)
rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe le ceanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála nó ceanglais na ráiteas comhréireachta ón Aontas, lena n-áirítear sásraí chun a léiriú go bhfuil na ceanglais shonraithe chibearshlándála á gcomhlíonadh go leanúnach;
▼B
(k)
i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha maidir le deimhniú a eisiúint, a chothabháil agus a athnuachan agus maidir le leanúint de na deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil, mar aon leis na coinníollacha maidir le raon feidhme an deimhnithe a leathnú nó a laghdú;
▼M1
(l)
rialacha a bhaineann leis na hiarmhairtí le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas ina leith, ach nach gcomhlíontar ceanglais na scéime leo;
▼B
(m)
rialacha maidir leis an gcaoi ina ndéanfar leochaileachtaí cibearshlándála i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nár braitheadh cheana a thuairisciú agus a láimhseáil;
(n)
i gcás inarb infheidhme, rialacha maidir le taifid a choinneáil ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta;
▼M1
(o)
sainaithint a dhéanamh ar scéimeanna náisiúnta nó idirnáisiúnta um dheimhniú cibearshlándála lena gcumhdaítear an cineál céanna nó na catagóirí céanna táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, ar cheanglais slándála, ar chritéir mheastóireachta agus modhanna meastóireachta, agus ar leibhéil dearbhúcháin;
▼B
(p)
ábhar agus formáid na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus na ráiteas comhréireachta ón Aontas, arna eisiúint;
▼M1
(q)
tréimhse infhaighteacht an ráitis comhréireachta ón Aontas, na doiciméadachta teicniúla, agus na faisnéise ábhartha uile eile atá le cur ar fáil ag monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe;
▼B
(r)
uastréimhse bhailíochta na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisítear faoin scéim;
(s)
an beartas maidir le nochtadh le haghaidh deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a dheonaítear, a leasaítear agus a tharraingítear siar a eisítear faoin scéim;
(t)
coinníollacha i gcomhair aitheantas frithpháirteach scéimeanna um dheimhniú le tríú tíortha;
(u)
i gcás inarb infheidhme, rialacha a bhaineann le haon sásra piarmheasúnuithe a bhunófar sa scéim do na húdaráis nó comhlachtaí a eisíonn deimhnithe Eorpacha cibearshlándála d’ardleibhéil dearbhúcháin de bhun Airteagal 56(6). Ní dochar an sásra sin don athbhreithniú piaraí dá bhforáiltear in Airteagal 59;
(v)
an fhormáid agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag monaróirí nó ag soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC agus an fhaisnéis chibearshlándála fhorlíontach á soláthar agus á tabhairt cothrom le dáta acu i gcomhréir le hAirteagal 55.
|
|
Airteagal 54 2.
|
Ní thiocfaidh riachtanais shonracha na scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála salach ar aon riachtanais dlí is infheidhme, go háirithe riachtanais a eascraíonn as dlí chomhchuibhithe an Aontais.
|
|
Airteagal 54 3.
|
I gcás ina bhforálann gníomh dlí sonrach den Aontas amhlaidh, féadfar deimhniú comhréireachta nó ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a úsáid chun an toimhdiú le riachtanais an ghnímh dlí a léiriú.
|
|
Airteagal 54 4.
|
I gcás nach ann do dhlí chomhchuibhithe de chuid an Aontais, féadfar foráil i ndlí na mBallstát go bhféadfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a úsáid chun an toimhdiú comhréireachta leis na riachtanais dlí a bhunú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|