+TEIDEAL III CREAT UM DHEIMHNIÚ CIBEARSHLÁNDÁLA
---+Airteagal 46 Creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 46 1.
------+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 47 Clár saothair rollach an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála
------+Airteagal 47 1.
------+Airteagal 47 2.
------+Airteagal 47 3.
------+Airteagal 47 4.
------+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 48 Iarraidh ar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 48 1.
------+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 49 Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú, a ghlacadh agus a athbhreithniú
------+Airteagal 49 1.
------+Airteagal 49 2.
------+Airteagal 49 3.
------+Airteagal 49 4.
------+Airteagal 49 5.
------+Airteagal 49 6.
------+Airteagal 49 7.
------+Airteagal 49 8.
---+Airteagal 49a Faisnéis agus comhairliúchán maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 49a 1.
------+Airteagal 49a 2.
------+Airteagal 49a 3.
------+Airteagal 49a 4.
---+Airteagal 50 Suíomh gréasáin faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 50 1.
------+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 51 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC
---+Airteagal 51a Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe
---+Airteagal 52 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 52 1.
------+Airteagal 52 2.
------+Airteagal 52 3.
------+Airteagal 52 4.
------+Airteagal 52 5.
------+Airteagal 52 6.
------+Airteagal 52 7.
------+Airteagal 52 8.
---+Airteagal 53 Féinmheasúnú comhréireachta
------+Airteagal 53 1.
------+Airteagal 53 2.
------+Airteagal 53 3.
------+Airteagal 53 4.
------+Airteagal 53 5.
---+Airteagal 54 Gnéithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 54 1.
------+Airteagal 54 2.
------+Airteagal 54 3.
------+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 55 Faisnéis chibearshlándála bhreise do tháirgí TFC, próisis, seirbhísí TFC agus próisis TFC deimhnithe
------+Airteagal 55 1.
------+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 56 Deimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 56 1.
------+Airteagal 56 2.
------+Airteagal 56 3.
------+Airteagal 56 4.
------+Airteagal 56 5.
------+Airteagal 56 6.
------+Airteagal 56 7.
------+Airteagal 56 8.
------+Airteagal 56 9.
------+Airteagal 56 10.
---+Airteagal 57 Scéimeanna agus deimhnithe náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 57 1.
------+Airteagal 57 2.
------+Airteagal 57 3.
------+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 58 Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála
------+Airteagal 58 1.
------+Airteagal 58 2.
------+Airteagal 58 3.
------+Airteagal 58 4.
------+Airteagal 58 5.
------+Airteagal 58 6.
------+Airteagal 58 7.
------+Airteagal 58 8.
------+Airteagal 58 9.
---+Airteagal 59 Athbhreithniú piaraí
------+Airteagal 59 1.
------+Airteagal 59 2.
------+Airteagal 59 3.
------+Airteagal 59 4.
------+Airteagal 59 5.
------+Airteagal 59 6.
---+Airteagal 60 Comhlachtaí measúnaithe comhréireachta
------+Airteagal 60 1.
------+Airteagal 60 2.
------+Airteagal 60 3.
------+Airteagal 60 4.
---+Airteagal 61 Fógra a thabhairt
------+Airteagal 61 1.
------+Airteagal 61 2.
------+Airteagal 61 3.
------+Airteagal 61 4.
------+Airteagal 61 5.
---+Airteagal 62 Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála
------+Airteagal 62 1.
------+Airteagal 62 2.
------+Airteagal 62 3.
------+Airteagal 62 4.
------+Airteagal 62 5.
---+Airteagal 63 Ceart chun gearán a dhéanamh
------+Airteagal 63 1.
------+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 64 Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach
------+Airteagal 64 1.
------+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 65 Pionóis

TEIDEAL III CREAT UM DHEIMHNIÚ CIBEARSHLÁNDÁLA

TEIDEAL III CREAT UM DHEIMHNIÚ CIBEARSHLÁNDÁLA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 Creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 47 Clár saothair rollach an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála
Airteagal 48 Iarraidh ar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 49 Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú, a ghlacadh agus a athbhreithniú
Airteagal 49a Faisnéis agus comhairliúchán maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 50 Suíomh gréasáin faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 51 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC

Airteagal 51

▼M1

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC

Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, nó próisis TFC a dhearadh ionas go mbainfear amach ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

▼B

(a) 

sonraí a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile a chosaint ar stóráil, próiseáil, rochtain nó nochtadh bíodh sin de thaisme nó neamhúdaraithe le linn shaolré iomlán an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC;

(b) 

sonraí a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar shlí eile a chosaint ar scriosadh a tharlaíonn de thaisme nó go neamhúdaraithe, ar chaillteanas nó ar athrú nó ar easpa infhaighteachta le linn shaolré iomlán an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC;

(c) 

féadfaidh daoine, feidhmchláir nó meaisíní údaraithe rochtain a fháil go heisiach ar shonraí, seirbhísí agus feidhmeanna ar a bhfuil cearta rochtana acu;

(d) 

spleáchais agus leochaileachtaí a bhfuiltear ar an eolas fúthu a shainaithint agus a dhoiciméadú;

(e) 

taifead a dhéanamh ar cé acu sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu, a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, agus na hamanna ar a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil;

(f) 

is féidir a sheiceáil cé acu sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, na hamanna a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil;

(g) 

a fhíorú nach bhfuil leochaileachtaí aitheanta i dtáirgí TFC, i seirbhísí TFC agus i bpróisis TFC;

(h) 

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil i gcás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(i) 

go bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC slán trí dhearadh agus trí réamhshocrú;

(j) 

cuirtear na bogearraí agus na crua-earraí is déanaí ar fáil do tháirgí TFC, do sheirbhísí TFC agus do phróisis TFC nach bhfuil aon leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí iontu, agus cuirtear sásraí ar fáil dóibh le haghaidh nuashonruithe slána.

Airteagal 51a Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe

Airteagal 51a

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe

Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe a dhearadh ionas go mbainfear amach ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a) 

go soláthraítear na seirbhísí slándála bainistithe leis an inniúlacht, an saineolas agus an taithí is gá, lena n-áirítear go bhfuil leibhéal leordhóthanach agus iomchuí eolais theicniúil agus inniúlachta sa réimse sonrach, taithí leordhóthanach agus iomchuí, agus an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil ag na baill foirne a gcuirtear de chúram orthu na seirbhísí sin a sholáthar;

(b) 

go bhfuil nósanna imeachta inmheánacha iomchuí i bhfeidhm ag an soláthraí chun a áirithiú go soláthrófar na seirbhísí slándála bainistithe ar leibhéal leordhóthanach agus iomchuí i gcónaí;

(c) 

maidir le sonraí a bhfaightear rochtain orthu, a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar shlí eile i ndáil le soláthar seirbhísí slándála bainistithe, go ndéantar na sonraí sin a chosaint ar rochtain, stóráil, nochtadh, scriosadh nó próiseáil eile a dhéantar de thaisme nó go neamhúdaraithe, nó ar chaillteanas nó ar athrú nó ar easpa infhaighteachta;

(d) 

go dtugtar infhaighteacht sonraí, seirbhísí agus feidhmeanna, agus rochtain orthu sin, ar ais go tráthúil i gcás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(e) 

nach féidir le daoine, cláir nó meaisíní údaraithe rochtain a fháil ach ar shonraí, seirbhísí agus feidhmeanna ar a bhfuil cearta rochtana acu;

(f) 

go gcoinnítear taifead ar na sonraí, na seirbhísí nó na feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu, a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, ar na hamanna a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus ar an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil, agus go bhfuil an taifead sin ar fáil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar an méid sin;

(g) 

go bhfuil na táirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC a chuirtear in úsáid agus na seirbhísí slándála bainistithe á soláthar slán trí dhearadh agus mar réamhshocrú agus, i gcás inarb infheidhme, go n-áirítear iontu na nuashonruithe slándála is déanaí agus nach bhfuil leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí iontu.

Airteagal 52 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 53 Féinmheasúnú comhréireachta
Airteagal 54 Gnéithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 55 Faisnéis chibearshlándála bhreise do tháirgí TFC, próisis, seirbhísí TFC agus próisis TFC deimhnithe
Airteagal 56 Deimhniú cibearshlándála
Airteagal 57 Scéimeanna agus deimhnithe náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 58 Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála
Airteagal 59 Athbhreithniú piaraí
Airteagal 60 Comhlachtaí measúnaithe comhréireachta
Airteagal 61 Fógra a thabhairt
Airteagal 62 Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála
Airteagal 63 Ceart chun gearán a dhéanamh
Airteagal 64 Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach
Airteagal 65 Pionóis

Airteagal 65

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Teideal seo agus sáruithe ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.