+Airteagal 60 Comhlachtaí measúnaithe comhréireachta
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
|
Airteagal 60 Comhlachtaí measúnaithe comhréireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Ní dhéanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a ainmnítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú ach amháin má chomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 60 2.
|
I gcás ina n-eiseoidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála deimhniú Eorpach cibearshlándála de bhun phointe (a) d’Airteagal 56(5) agus Airteagal 56(6), déanfar comhlacht creidiúnaithe an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a chreidiúnú mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 60 3.
|
Má leagtar ceanglais shonracha nó ceanglais bhreise amach i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (f) d’Airteagal 54(1), ní dhéanfaidh ach comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-údaraíonn NCCA ina leith go gcomhlíonann siad na ceanglais sin, cúraimí a chur i gcrích faoi na scéimeanna sin.
|
|
Airteagal 60 4.
|
Eiseofar an creidiúnú dá dtagraítear i mír 1 do na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta le haghaidh uastréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta fós na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Déanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta gach beart is iomchuí taobh istigh d’achar ama réasúnta chun creidiúnú comhlachta um measúnú comhréireachta a shrianadh, a fhionraí nó a aisghairm a eisítear de bhun mhír 1 i gcás nach mbeidh na coinníollacha le haghaidh deimhniú comhlíonta, nó nach mbeidh siad á gcomhlíonadh a thuilleadh nó i gcás ina sáróidh bearta a dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|