+Airteagal 67 Meastóireacht agus athbhreithniú
---+Airteagal 67 1.
---+Airteagal 67 2.
---+Airteagal 67 3.
---+Airteagal 67 4.
|
Airteagal 67 Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 1.
|
Faoin 28 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht ENISA agus a cleachtas oibre agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú ENISA a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht aon aiseolas a thugtar do ENISA mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, i bhfiainise na gcuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, nach bhfuil údar a thuilleadh ag feidhmiú leanúnach ENISA, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú i dtaca leis na forálacha a bhaineann le ENISA.
|
|
Airteagal 67 2.
|
Leis an meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal III den Rialachán seo, lena n-áirítear na nósanna imeachta as a dtagann glacadh na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus a mbonn fianaise, i dtaca leis na cuspóirí leibhéal leormhaith cibearshlándála a áirithiú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe san Aontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.
|
|
Airteagal 67 3.
|
Leis an meastóireacht, déanfar measúnú ar cibé an bhfuil gá le ceanglais riachtanacha chibearshlándála i dtaca le rochtain a fháil ar an margadh inmheánach chun cosc a chur ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe nach gcomhlíonann ceanglais bhunúsacha chibearshlándála teacht isteach ar an margadh inmheánach.
|
|
Airteagal 67 4.
|
Faoin 28 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh an tuarascáil meastóireachta i dteannta a conclúidí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Déanfar torthaí na tuarascála sin a phoibliú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|