+Airteagal 18 Faireachán
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4
|
Airteagal 18 Faireachán
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1
|
1. De bhreis ar chúraimí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh, déanfaidh GCL plé ar na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
torthaí an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana don leictreachas a d'ullmhaigh ENTSO don Leictreachas;
|
|
(b)
|
comhleanúnachas na bpleananna riosca-ullmhachta, a ghlac na húdaráis inniúla de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10;
|
|
(c)
|
torthaí na measúnuithe Eorpacha ar leordhóthanacht acmhainní a rinne ENTSO don Leictreachas amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2019/943;
|
|
(d)
|
feidhmíocht na mBallstát i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais agus na táscairí a ríomhadh sa mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, eadhon an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh agus an t-ionchas caillte lóid, á gcur san áireamh ar a laghad.
|
|
(e)
|
torthaí na measúnuithe ar an leordhóthanacht shéasúrach dá dtagraítear in Airteagal 9(2);
|
|
(f)
|
an fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit de bhun Airteagal 7(4);
|
|
(g)
|
torthaí na dtuarascálacha meastóireachta ex post dá dtagraítear in Airteagal 17(4);
|
|
(h)
|
an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach dá dtagraítear in Airteagal 8;
|
|
(i)
|
an mhodheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5 a shainaithint.
|
|
|
Airteagal 18 2
|
2. Féadfaidh GCL moltaí a eisiúint do na Ballstáit agus do ENTSO don Leictreachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 18 3
|
3. Déanfaidh ACER, ar bhonn leanúnach, faireachán ar shlándáil bhearta an tsoláthair leictreachais agus tuairisceoidh sé go rialta do GCL.
|
|
Airteagal 18 4
|
4. Faoin 1 Meán Fómhair 2025, ar bhonn na taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na modhanna féideartha a dhéanfar slándáil an tsoláthair leictreachais a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inar gá, tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0941
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|