+Airteagal 4 Cúraimí ACER maidir le comhar idir oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.
|
Airteagal 4 Cúraimí ACER maidir le comhar idir oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Déanfaidh ACER tuairim a thabhairt don Choimisiún maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Leictreachas, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/943, agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás, i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (EU) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) agus maidir le ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 57(9) de Rialachán (AE) 2024/1789 agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta eititeas AE do OCDanna i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/943, ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Ghás i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (CE) (EU) 2024/1789 agus ar fhorghníomhú chúraimí ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (EU) 2024/1789 agus ar fhorghníomhú chúraimí eintiteas AE do OCDanna arna leagan amach in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 41 de Rialachán (EU) 2024/1789.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Féadfaidh ACER tuairim a chur ar fáil:
(a)
do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/1789, do ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin maidir le cóid ghréasáin;
(b)
do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 agus do ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir leis an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais agus maidir le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 26(3) agus Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2024/1789, agus cuspóirí an neamh-idirdhealaithe, na hiomaíochta éifeachtaí agus fheidhmiú cuí agus slán na margaí inmheánacha don leictreachas, don hidrigin agus don ghás nádúrtha á gcur i gcuntas;
(c)
d’eintiteas AE do OCDanna maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil agus le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) 2024/1789, agus na cuspóirí a bhaineann le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú cuí agus slán an mhargaidh inmheánaigh do leictreachas, hidrigin agus gás nádúrtha á gcur i gcuntas.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Formheasfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, tar éis di nuashonruithe ar na dréachtaí arna dtíolacadh ag oibreoirí córas tarchurtha a iarraidh, an mhodheolaíocht maidir le húsáid an ioncaim ó phlódú de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2019/943.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Déanfaidh ACER, bunaithe ar ábhair fíoras, tuairim chuí-réasúnaithe mar aon le moltaí a thabhairt do ENTSO don Leictreachas, do ENTSO don Ghás, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sí nach rannchuidíonn an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais a cuireadh faoina bráid i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus leis an dara fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 le neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal leordhóthanach idirnasctha trasteorann a bheadh oscailte do rochtain tríú páirtithe, nó nach gcomhlíonann siad forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/943 agus Threoir (AE) 2019/944 nó Threoir 2009/73/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Comhordóidh na húdaráis rialála ábhartha chun a shainaithint go comhpháirteach an ndéanann ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionaid comhordúcháin réigiúnacha a n-oibleagáidí a neamhchomhlíonadh faoi dhlí an Aontais agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcomhréir le hAirteagal 59(1) pointe (c), agus Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó le hAirteagal 78(1), pointe (e) de Threoir (EU) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
). Arna iarraidh sin d’údarás rialála amháin nó níos mó nó ar a tionscnamh féin, déanfaidh ACER tuairim réasúnaithe chomh maith le moladh a eisiúint chuig ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha maidir le comhlíonadh a n-oibleagáidí.
|
|
Airteagal 4 7.
|
I gcás ina sainaithneofar cás i dtuairim réasúnaithe ó ACER ina bhféadfadh sé nár chomhlíon ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach a gcuid oibleagáidí faoi seach, déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe d’aon toil lena suífear neamhchomhlíonadh le hoibleagáidí ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, tiocfaidh siad ar chomhaontú ar na bearta a bheidh le déanamh ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach chun an neamhchomhlíonadh sin a réiteach. I gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis náisiúnta rialála cinntí comhordaithe den sórt sin a dhéanamh d’aon toil laistigh de 4 mhí ó dháta eisiúna tuairim réasúnaithe ACER, cuirfear an cás faoi bhráid ACER lena chinneadh, de bhun Airteagal 6(10).
|
|
Airteagal 4 8.
|
Mura mbeidh an sárú atá déanta ag ENTSO don Leictreachas, ENSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach, a sainaithníodh de bhun mhír 6 nó 7 den Airteagal seo, leigheasta laistigh de 3 mhí, nó i gcás nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag an údarás rialála sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an eintiteas chun comhlíonadh a áirithiú, eiseoidh ACER moladh don údarás rialála go ndéanfaí gníomhaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 59(1), pointe (c), agus Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó le hAirteagal 78(1), pointe (f) de Threoir (EU) 2024/1788, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó an lárionad comhordúcháin réigiúnach a n-oibleagáidí, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.
|
|
Airteagal 4 9.
|
Beidh feidhm ag míreanna 6, 7 agus 8 den Airteagal seo freisin maidir leis an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|