|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Glacfaidh ACER páirt i bhforbairt cód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus i bhforbairt treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74(5) de Rialachán (AE) 2024/1789. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
dréacht-chreat treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(4) nó Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2024/1789. Athbhreithneoidh ACER na creat-treoirlínte a agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin athuair iad i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(7) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(7) nó Airteagal 72(7) de Rialachán (AE) 2024/1789;
(b)
an cód gréasáin a athbhreithniú i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. Ina athbhreithniú, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a sholáthair gach páirtí lena mbaineann agus an cód gréasáin athbhreithnithe á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Chuige sin, féadfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, an coiste dréachtaithe a bunaíodh faoi na cóid ghréasáin a úsáid. Tuairisceoidh ACER don Choimisiún ar thoradh na gcomhairliúchán. Ina dhiaidh sin, cuirfidh ACER an cód gréasáin athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. I gcás nár fhorbair ENTSO don Leictreachas nó ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna cód gréasáin, déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(12) nó Airteagal 72(12) de Rialachán (AE) 2024/1789;
(c)
tuairim chuí-réasúnaithe a sholáthar don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 27(1) nó Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir le ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, gur mhainnigh siad cód gréasáin arna tharraingt suas faoi Airteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 26(1) nó Airteagal 59(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1789 nó cód gréasáin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(3) go (12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(3) go (12) nó Airteagal 72(3) go (12) de Rialachán (AE) 2024/1789 ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 59(13) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(13) nó Airteagal 72(13) de Rialachán (AE) 2024/1789.
(d)
faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin arna nglacadh ag an gCoimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus na dtreoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2024/1789, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|