+Airteagal 5 Cúraimí ACER i dtaca le cóid ghréasáin agus treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun feidhme
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
|
Airteagal 5 Cúraimí ACER i dtaca le cóid ghréasáin agus treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Glacfaidh ACER páirt i bhforbairt cód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus i bhforbairt treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74(5) de Rialachán (AE) 2024/1789. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
dréacht-chreat treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(4) nó Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2024/1789. Athbhreithneoidh ACER na creat-treoirlínte a agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin athuair iad i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(7) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(7) nó Airteagal 72(7) de Rialachán (AE) 2024/1789;
(b)
an cód gréasáin a athbhreithniú i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. Ina athbhreithniú, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a sholáthair gach páirtí lena mbaineann agus an cód gréasáin athbhreithnithe á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Chuige sin, féadfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, an coiste dréachtaithe a bunaíodh faoi na cóid ghréasáin a úsáid. Tuairisceoidh ACER don Choimisiún ar thoradh na gcomhairliúchán. Ina dhiaidh sin, cuirfidh ACER an cód gréasáin athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. I gcás nár fhorbair ENTSO don Leictreachas nó ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna cód gréasáin, déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(12) nó Airteagal 72(12) de Rialachán (AE) 2024/1789;
(c)
tuairim chuí-réasúnaithe a sholáthar don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 27(1) nó Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir le ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, gur mhainnigh siad cód gréasáin arna tharraingt suas faoi Airteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 26(1) nó Airteagal 59(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1789 nó cód gréasáin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(3) go (12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(3) go (12) nó Airteagal 72(3) go (12) de Rialachán (AE) 2024/1789 ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 59(13) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(13) nó Airteagal 72(13) de Rialachán (AE) 2024/1789.
(d)
faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin arna nglacadh ag an gCoimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus na dtreoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2024/1789, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.
|
|
Airteagal 5 2.
|
I gcásanna ina ndéantar foráil i gceann de na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas d'fhorbairt tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha comhchoiteanna nó modheolaíochtaí maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte sin lena gceanglaítear formheas rialála ó na húdaráis rialála uile, cuirfear tograí do na téarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí coiteanna faoi bhráid ACER lena n-athbhreithniú agus lena fhormheas.
(a)
gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;
(b)
cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte sin; nó
(c)
cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
).
|
|
Airteagal 5 3.
|
I gcásanna ina ndéantar foráil i gceann de na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas d'fhorbairt tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte sin lena gceanglaítear formheas rialála ó údaráis rialála an réigiúin lena mbaineann, tiocfaidh na húdaráis rialála sin ar chomhaontú d'aon toil ar na téarmaí agus coinníollacha comhchoiteanna nó modheolaíochtaí a bheidh le formheas ag gach ceann de na húdaráis rialála sin:
(a)
gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;
(b)
cóid ghréasáin agus treoirlínte a glacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte sin; nó
(c)
cóid ghréasáin agus treoirlínte, arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Tabharfar fógra faoi na tograí dá dtagraítear sa chéad fhomhír do ACER laistigh de 1 sheachtain amháin óna dtíolacadh chuig na húdaráis rialála sin. Féadfaidh na húdaráis rialála na tograí a tharchur chuig ACER lena fhormheas de bhun phointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 6 (10) agus déanfar an méid sin de bhun phointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 6(10) i gcás nach bhfuil aon chomhaontú d'aon toil dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Is féidir leis an Stiúrthóir nó leis an mBord Rialálaithe, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó de bhun togra a mhol duine amháin nó níos mó dá chomhaltaí, a cheangal ar údaráis rialála an réigiúin lena mbaineann an togra sin a tharchur chuig ACER lena fhormheas. Ní iarrfar é sin ach i gcás ina mbeadh tionchar nithiúil ag togra atá le comhaontú aggo réigiúnach ar an margadh inmheánach fuinnimh nó ar shlándáil an tsoláthair lasmuigh den réigiún sin.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Gan dochar do mhír 2 agus do mhír 3, beidh ACER inniúil chun cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 6(10) i gcás ina mainíonn na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin nua agus na dtreoirlínte nua arna nglacadh tar éis an 4 Iúil 2019 mar ghníomhartha tarmligthe, lena gceanglaítear na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí sin formheas rialála ó na húdaráis rialála uile nó ó na húdaráis rialála uile an réigiúin lena mbaineann.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin ngá féideartha rannpháirtíocht ACER a fheabhsú i bhforbairt agus i nglacadh na dtéarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí le haghaidh cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí is gá a tharchur chuig ACER nó a mhodhnú.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Sula ndéanfar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a fhormheas, déanfaidh na húdaráis rialálaithe, nó, i gcás inarb inniúil, ACER, athbhreithniú orthu, de réir mar is gá agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas, le ENTSO don Ghás nó le heintiteas AE do OCDanna, lena áirithiú go bhfuil siad ag teacht le cuspóir an chóid ghréasáin nó na dtreoirlínte agus go rannchuidíonn siad le comhtháthú margaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh. Déanfaidh ACER cinneadh ar an bhformheas laistigh den tréimhse a shonraítear sna cóid ghréasáin agus sna treoirlínte is ábhartha. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá tar éis an dáta a chuirtear an togra faoi bhráid ACER.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Cuirfidh ACER a cuid cúraimí i gcrích a mhéid a bhaineann le hathbhreithniú ar an gcrios tairisceana de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2019/943.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Déanfaidh ACER faireachán ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus cuirfidh sí toradh an chomhair sin san áireamh le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a fhoirmliú. Déanfaidh ACER faireachán ar an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Déanfaidh ACER an togra comhpháirteach ó ENTSO don Leictreachas agus ó eintiteas AE do OCDanna maidir leis na cineálacha sonraí agus formáide agus leis an modheolaíocht a bhaineann leis an anailís atá le soláthar a mhéid a bhaineann leis na riachtanais solúbthachta de bhun Airteagal 19e(6) de Rialachán (AE) 2019/943 a fhormheas agus, i gcás inar gá, a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|