+Airteagal 6 Cúraimí ACER maidir leis na húdarás rialála náisiúnta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 9.
---+Airteagal 6 9a.
---+Airteagal 6 9b.
---+Airteagal 6 9c.
---+Airteagal 6 9d.
---+Airteagal 6 10.
---+Airteagal 6 11.
---+Airteagal 6 12.
---+Airteagal 6 13.
|
Airteagal 6 Cúraimí ACER maidir leis na húdarás rialála náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Glacfaidh ACER cinntí aonair maidir le saincheisteanna teicniúla i gcás ina bhforáiltear do na cinntí sin i i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir 2009/73/CE.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Féadfaidh ACER, i gcomhréir lena clár oibre, arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a tionscnamh féin, moltaí a dhéanamh chun cuidiú le húdaráis rialála agus le rannpháirtithe margaidh dea-chleachtais a roinnt le chéile.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála, de bhun Airteagal 57(7) de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 76(6) de Threoir (AE) 2024/1788.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Soláthróidh ACER creat inar féidir leis na húdaráis rialála comhoibriú chun cinnteoireacht éifeachtach a áirithiú ar shaincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Cuirfidh sí comhar chun cinn idir na húdaráis náisiúnta rialála agus idir na húdaráis rialála ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, agus cuirfidh sí toradh an chomhair sin san áireamh le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a fhoirmliú. I gcás ina measann ACER gur gá rialacha ceangailteacha don chomhar sin, cuirfidh sí na moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Arna iarraidh sin d’aon údarás rialála amháin nó níos mó nó don Choimisiún, tabharfaidh ACER tuairim fhíorasach i dtaobh an gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialála na cóid gréasán agus na treoirlínte dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (EU)2024/1789, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir (EU) 2024/1788, nó an gcomhlíonann sé forálacha ábhartha eile de chuid na rialachán nó na dtreoracha sin, nó in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938.
|
|
Airteagal 6 6.
|
I gcás nach gcomhlíonann údarás rialála tuairim ACER dá dtagraítear i mír 5 laistigh de 4 mhí ón lá a faightear an tuairim, cuirfidh ACER an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 6 7.
|
Más rud é go mbeidh deacrachtaí i gcás ar leith ag údarás rialála maidir le cur i bhfeidhm na gcód gréasán agus na dtreoirlínte dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir 2009/73/CE, féadfaidh sé iarraidh ar ACER tuairim a sholáthar. Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tabharfaidh ACER a tuairim laistigh de 3 mhí tar éis an iarraidh sin a fháil.
|
|
Airteagal 6 9.
|
Cuirfidh ACER tuairimí faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann agus an Choimisiúin de bhun Airteagal 8(1b) agus Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/943.
|
|
Airteagal 6 9a.
|
Eiseoidh ACER moltaí chuig oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údaráis rialála, maidir leis na modheolaíochtaí chun leithdháileadh idir-ama costas a shocrú de bhun Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (EU) 2024/1789. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint d’oibreoirí córais tarchuir, d’oibreoirí córas dáileacháin, d’oibreoirí gréasáin hidrigine agus d’údaráis rialála, maidir leis na boinn sócmhainní rialála de bhun Airteagal 5(6), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 6 9b.
|
Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chuig údaráis rialála maidir le leithdháileadh costas réitigh ar shrianta ar shreafaí trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí sa ghás de bhun Airteagal 21(11) de Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 6 9c.
|
Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chuig údaráis rialála maidir le leithdháileadh costas réitigh ar shrianta ar shreafaí trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí i gcáilíocht hidrigine de bhun Airteagal 55(8) de Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 6 9d.
|
Foilseoidh ACER tuarascálacha faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc de bhun phointí 2.2.1(2) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789.
|
|
Airteagal 6 10.
|
►M5
Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a ghlacadh maidir le saincheisteanna rialála a bhfuil éifeacht acu ar thrádáil trasteorann nó ar shlándáil na gcóras trasteorann lena gceanglaítear cinneadh comhpháirteach ó dhá údarás rialála ar a laghad, i gcás gur tugadh na hinniúlachtaí sin do na húdaráis rialála faoi cheann amháin de na gníomhartha dlí seo a leanas:
(a)
gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;
(b)
cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus na treoirlínte sin;
(c)
cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011;
(d)
treoirlínte de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789; nó
(e)
cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 71 go 74 de Rialachán (EU) 2024/1789. ◄
Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a shonraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis inniúla rialála teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí tar éis an cás a tharchur chuig an údarás deiridh de na húdaráis rialála sin, nó laistigh de 4 mhí i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788;
(b)
ar bhonn iarraidh chomhpháirteach a fháil ó na húdaráis inniúla rialála.
Féadfaidh na húdaráis rialála inniúla a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a fhadú go ceann tréimhse suas go 6 mhí, ach amháin i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788. I gcás ina mbeidh na hinniúlachtaí chun saincheisteanna trasteorann a chinneadh dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo tugtha do na húdaráis rialála i gcóid ghréasáin nua nó i dtreoirlínte nua dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019, ní bheidh ACER inniúil ach ar bhonn deonach de bhun phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, agus é sin ar iarraidh a fháil ó 60 % ar a laghad de na húdaráis rialála ábhartha. I gcás nach bhfuil baint ach ag dhá údarás inniúla leis, féadfaidh ceann ar bith acu an cás a tharchur chuig ACER. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin ngá féideartha cur le rannpháirtíocht ACER maidir le cásanna easaontais a réiteach idir údaráis rialála a bhaineann le cinntí comhpháirteacha ar ábhair ar tugadh inniúlacht ina leith do na húdaráis rialála sin trí ghníomh tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí sin a mhodhnú nó na cumhachtaí is gá a aistriú chuig ACER.
|
|
Airteagal 6 11.
|
Le linn di a cinneadh de bhun mhír 10 a ullmhú, rachaidh ACER i gcomhairle leis na húdaráis rialála agus leis na hoibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann agus cuirfear ar an eolas í faoi thograí agus faoi bharúlacha na n-oibreoirí córas tarchurtha go léir lena mbaineann.
|
|
Airteagal 6 12.
|
I gcás ina dtarchuirfear cás chuig ACER faoi mhír 10:
▼M5
(a)
eiseoidh sé cinneadh laistigh de 6 mhí ó dháta an tarchuir, nó laistigh de 4 mhí ó dháta an tarchuir i ndáil le cásanna de bhun Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó de bhun Airteagal (59)(1), pointe (c), nó Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788 agus
▼B
(b)
féadfaidh ACER, más gá, cinneadh eatramhach a thabhairt chun go n-áiritheofar cosaint do shlándáil an tsoláthair nó do shlándáil oibríochtúil an bhonneagair i dtrácht.
|
|
Airteagal 6 13.
|
Más rud é, maidir leis na saincheisteanna rialála dá dtagraítear i mír 10, go bhfuil díolúintí de réir bhrí Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943, nó Airteagal 36(4) de Threoir 2009/73/CE san áireamh iontu, ní dhéanfar na sprioc-amanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na sprioc-amanna dá bhforáiltear sna forálacha sin a charnadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|