+Airteagal 6 10.

Airteagal 6 10.

►M5  Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a ghlacadh maidir le saincheisteanna rialála a bhfuil éifeacht acu ar thrádáil trasteorann nó ar shlándáil na gcóras trasteorann lena gceanglaítear cinneadh comhpháirteach ó dhá údarás rialála ar a laghad, i gcás gur tugadh na hinniúlachtaí sin do na húdaráis rialála faoi cheann amháin de na gníomhartha dlí seo a leanas:

(a) 

gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;

(b) 

cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus na treoirlínte sin;

(c) 

cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011;

(d) 

treoirlínte de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789; nó

(e) 

cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 71 go 74 de Rialachán (EU) 2024/1789. ◄

Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a shonraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis inniúla rialála teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí tar éis an cás a tharchur chuig an údarás deiridh de na húdaráis rialála sin, nó laistigh de 4 mhí i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788;

(b) 

ar bhonn iarraidh chomhpháirteach a fháil ó na húdaráis inniúla rialála.

Féadfaidh na húdaráis rialála inniúla a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a fhadú go ceann tréimhse suas go 6 mhí, ach amháin i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788.

I gcás ina mbeidh na hinniúlachtaí chun saincheisteanna trasteorann a chinneadh dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo tugtha do na húdaráis rialála i gcóid ghréasáin nua nó i dtreoirlínte nua dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019, ní bheidh ACER inniúil ach ar bhonn deonach de bhun phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, agus é sin ar iarraidh a fháil ó 60 % ar a laghad de na húdaráis rialála ábhartha. I gcás nach bhfuil baint ach ag dhá údarás inniúla leis, féadfaidh ceann ar bith acu an cás a tharchur chuig ACER.

Faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin ngá féideartha cur le rannpháirtíocht ACER maidir le cásanna easaontais a réiteach idir údaráis rialála a bhaineann le cinntí comhpháirteacha ar ábhair ar tugadh inniúlacht ina leith do na húdaráis rialála sin trí ghníomh tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí sin a mhodhnú nó na cumhachtaí is gá a aistriú chuig ACER.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.