+Airteagal 14 Comhairliúcháin, trédhearcacht agus coimircí nós imeachta
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.

Airteagal 14 Comhairliúcháin, trédhearcacht agus coimircí nós imeachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Agus a cúraimí á ndéanamh aici, go háirithe sa phróiseas chun creat-treoirlínte a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus le linn leasuithe ar chóid ghréasáin a mholadh faoi Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2024/1789 Rachaidh ACER i gcomhairle go forleathan, ag céim luath, le rannpháirtithe sa mhargadh, le hoibreoirí córais tarchuir, le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, le tomhaltóirí, le húsáideoirí deiridh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis iomaíochta, gan dochar dá n-inniúlacht faoi seach, ar bhealach oscailte agus trédhearcach, go háirithe nuair a bhaineann a cúraimí le hoibreoirí córas tarchuir agus le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.
Airteagal 14 2.
Áiritheoidh ACER, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus atá inrochtana go héasca a thabhairt don phobal agus d'aon pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le toradh a cuid oibre.

Poibleofar doiciméid agus miontuairiscí uile na gcruinnithe comhairliúcháin a reáchtálfar le linn na Creat-Treoirlínte a bheith á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, nó le linn na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 a leasú.

Airteagal 14 3.
Sula ndéanfar creat-treoirlínte a ghlacadh, nó sula ndéanfar leasuithe ar na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 a mholadh, léireoidh ACER conas a cuireadh na barúlacha a fuarthas i rith an chomhairliúcháin san áireamh agus tabharfaidh sí na cúiseanna más rud é nach ndearnadh de réir na mbarúlacha sin.
Airteagal 14 4.
Déanfaidh ACER an clár oibre, na doiciméid chúlra agus, i gcás inarb iomchuí, miontuairiscí chruinnithe an Bhoird Riaracháin, an Bhoird Rialálaithe agus an Bhoird Achomhairc, ar a laghad, a phoibliú ar a shuíomh gréasáin féin.
Airteagal 14 5.
Glacfaidh ACER rialacha nós imeachta atá leormhaith agus comhréireach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i bpointe (t) d'Airteagal 19(1) agus foilseoidh sí iad. Cuirfear san áireamh leis na rialacha sin, forálacha lena n-áiritheofar próiseas cinnteoireachta atá trédhearcach agus réasúnta, ar próiseas é lena rathófar cearta bunúsacha nós imeachta bunaithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear an ceart chun éisteacht a fháil, rialacha maidir le rochtain a fháil ar chomhaid agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 6, 7 agus 8.
Airteagal 14 6.
Sula ndéanfaidh ACER cinneadh aonair ar bith dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cuirfidh sí aon pháirtí lena mbaineann ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aici an cinneadh sin a ghlacadh, agus leagfaidh sí teorainn ama síos ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí lena mbaineann a thuairimí a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán.
Airteagal 14 7.
Déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua i gcinntí aonair ACER chun gur féidir achomharc a dhéanamh de réir na dtuillteanas féin.
Airteagal 14 8.
Cuirfear na páirtithe lena mbaineann cinntí aonair ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.