+Airteagal 18 Comhdhéanamh an Bhoird Riaracháin
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
|
Airteagal 18 Comhdhéanamh an Bhoird Riaracháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Naonúr comhaltaí a bheidh ar an mBord Riaracháin. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta. Ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí agus a malartaigh, ceapfaidh Parlaimint na hEorpa beirt chomhaltaí agus a malartaigh agus ceapfaidh an Chomhairle cúigear comhaltaí agus a malartaigh. Ní bheidh aon chomhalta den Bhord Riaracháin ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh comhalta den Bhord Riaracháin ina chomhalta den Bhord Rialálaithe.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus a malartach agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. I gcás an chéad sainordaithe, 6 bliana a bheidh i dtéarma oifige leath na gcomhaltaí den Bhord Riaracháin agus a malartach.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Toghfaidh an Bord Riaracháin a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí le tromlach dhá thrian. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe nó ainmnitheach an Bhoird Rialálaithe, agus an Stiúrthóir rannpháirteach, gan aon cheart vótála acu, sna pléití mura rud é go gcinnfidh an Bord Riaracháin a mhalairt maidir leis an Stiúrthóir. Tiocfaidh an Bord Riaracháin le chéile i ngnáthsheisiún ar a laghad dhá uair sa bhliain. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ar iarraidh ó thrian dá chomhaltaí ar a laghad. Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairim ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnadóra. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Soláthróidh ACER seirbhísí rúnaíochta don Bhord Riaracháin.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghlacfar cinntí an Bhoird Riaracháin. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Riaracháin nó ag a mhalartach.
|
|
Airteagal 18 6.
|
Leagfar amach an méid seo a leanas ar bhealach níos mionsonraithe sna rialacha nós imeachta:
(a)
na socruithe lena rialaítear vótáil, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin feidhmiú thar ceann chomhalta eile agus, i gcás inarb iomchuí, na rialacha lena rialaítear córaim; agus
(b)
na socruithe lena rialaítear an uainíocht is infheidhme maidir le hathnuachan comhaltaí den Bhord Riaracháin arna gceapadh ag an gComhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach ann ar bhealach cothrom thar am.
|
|
Airteagal 18 7.
|
Gan dochar do ról na gcomhaltaí arna gceapadh ag an gCoimisiún, glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí, nó ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.; Chun na críche sin, déanfaidh gach comhalta dearbhú i scríbhinn maidir lena oibleagáidí agus dearbhú i scríbhinn maidir lena leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas aige a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach aige a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas. Déanfaidh ACER na dearbhuithe sin a phoibliú ar bhonn bliantúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|