|
+Airteagal 19 1. |
Airteagal 19 1.Déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:
(a)
tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil ón mBord sin i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 22(5), an Stiúrthóir a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus i gcás inarb iomchuí síneadh a chur lena théarma nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig;
(b)
comhaltaí an Bhoird Rialálaithe a ainmníodh go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 21(1);
(c)
comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 25(2);
(d)
a áirithiú go gcuirfidh ACER a misean i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sí na cúraimí a shanntar di i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(e)
an doiciméad clársceidealaithe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí agus, i gcás inarb infheidhme, é a leasú i gcomhréir le hAirteagal 20(3);
(f)
buiséad bliantúil ACER a ghlacadh le tromlach dhá thrian agus a fheidhmeanna buiséadacha eile a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 31 go hAirteagal 35;
(g)
tar éis comhaontú an Choimisiúin a fháil, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an nglacfaidh sé le haon leagáidí, deonacháin nó deontais ó fhoinsí Aontais eile nó le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit nó ó na húdaráis rialála. Sa tuairim ón mBord Riaracháin a thabharfar de bhun Airteagal 35(4), díreofar ar na foinsí maoinithe a leagtar amach sa mhír seo;
(h)
údarás araíonachta ar an Stiúrthóir a fheidhmiú, tar éis dóibh dul i gcomhairle le leis an mBord Rialálaithe. Sa bhreis air sin, feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann ACER, na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus faoi na Coinníollacha Fostaíochta ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche;
(i)
rialacha cur chun feidhme ACER a tharraingt suas chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne de bhun Airteagal 39(2);
(j)
bearta praiticiúla a ghlacadh maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid ACER, i gcomhréir le hAirteagal 41;
(k)
an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ACER a ghlacadh agus a fhoilsiú, ar bhonn na dréacht-tuarascála bliantúla dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 24(1), agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain. Beidh roinn neamhspleách san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ACER, ar roinn í a bheidh formheasta ag an mBord Rialálaithe agus a bhainfidh le gníomhaíochtaí rialála ACER le linn na bliana sin;
(l)
a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh agus a fhoilsiú;
(m)
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le ACER a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36;
(n)
straitéis frithchalaoise a ghlacadh a bheidh ar comhréir le rioscaí na calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;
(o)
rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil lena chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Achomhairc;
(p)
na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 41 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;
(q)
Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;
(r)
a áirithiú go ndéantar obair leantach oiriúnach ar thorthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (“OLAF”);
(s)
tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 43;
(t)
ar bhonn togra ón Stiúrthóir i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 24(1) agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil uaidh i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 22(5), na rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú dá dtagraítear in Airteagal 14(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|