+Airteagal 19 Feidhmeanna an Bhoird Riaracháin
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.

Airteagal 19 Feidhmeanna an Bhoird Riaracháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.

Déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:

(a) 

tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil ón mBord sin i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 22(5), an Stiúrthóir a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus i gcás inarb iomchuí síneadh a chur lena théarma nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig;

(b) 

comhaltaí an Bhoird Rialálaithe a ainmníodh go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 21(1);

(c) 

comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(d) 

a áirithiú go gcuirfidh ACER a misean i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sí na cúraimí a shanntar di i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e) 

an doiciméad clársceidealaithe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí agus, i gcás inarb infheidhme, é a leasú i gcomhréir le hAirteagal 20(3);

(f) 

buiséad bliantúil ACER a ghlacadh le tromlach dhá thrian agus a fheidhmeanna buiséadacha eile a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 31 go hAirteagal 35;

(g) 

tar éis comhaontú an Choimisiúin a fháil, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an nglacfaidh sé le haon leagáidí, deonacháin nó deontais ó fhoinsí Aontais eile nó le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit nó ó na húdaráis rialála. Sa tuairim ón mBord Riaracháin a thabharfar de bhun Airteagal 35(4), díreofar ar na foinsí maoinithe a leagtar amach sa mhír seo;

(h) 

údarás araíonachta ar an Stiúrthóir a fheidhmiú, tar éis dóibh dul i gcomhairle le leis an mBord Rialálaithe. Sa bhreis air sin, feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann ACER, na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus faoi na Coinníollacha Fostaíochta ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche;

(i) 

rialacha cur chun feidhme ACER a tharraingt suas chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne de bhun Airteagal 39(2);

(j) 

bearta praiticiúla a ghlacadh maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid ACER, i gcomhréir le hAirteagal 41;

(k) 

an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ACER a ghlacadh agus a fhoilsiú, ar bhonn na dréacht-tuarascála bliantúla dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 24(1), agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain. Beidh roinn neamhspleách san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ACER, ar roinn í a bheidh formheasta ag an mBord Rialálaithe agus a bhainfidh le gníomhaíochtaí rialála ACER le linn na bliana sin;

(l) 

a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh agus a fhoilsiú;

(m) 

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le ACER a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36;

(n) 

straitéis frithchalaoise a ghlacadh a bheidh ar comhréir le rioscaí na calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

(o) 

rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil lena chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Achomhairc;

(p) 

na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 41 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(q) 

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(r) 

a áirithiú go ndéantar obair leantach oiriúnach ar thorthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (“OLAF”);

(s) 

tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 43;

(t) 

ar bhonn togra ón Stiúrthóir i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 24(1) agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil uaidh i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 22(5), na rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú dá dtagraítear in Airteagal 14(5).

Airteagal 19 2.
Glacfaidh an Bord Riaracháin, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don Stiúrthóir agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
Airteagal 19 3.
Nuair is gá i ngeall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Riaracháin, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir agus na gcumhachtaí sin atá á bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó dá fhoireann seachas an Stiúrthóir. Beidh na himthosca eisceachtúla teoranta go docht d'ábhair riaracháin, bhuiséadacha nó bhainistíochta agus gan dochar do neamhspleáchas iomlán an Stiúrthóra i dtaca lena chúraimí nó lena cúraimí de bhun phointe (c) d'Airteagal 24(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.