+Airteagal 20 Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
|
Airteagal 20 Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtdoiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, agus cuirfidh sé an dréachtdhoiciméid clársceidealaithe faoi bhráid an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Rialálaithe. Glacfaidh an Bord Riaracháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe agus déanfaidh sé é a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir. Beidh an dréachtdoiciméad clársceidealaithe i gcomhréir leis an dréachtmheastachán sealadach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 33(1), (2) agus (3). Glacfaidh an Bord Riaracháin an doiciméad clársceidealaithe, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh aige agus tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe agus tar éis don Stiúrthóir é a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh an Bord Riaracháin an doiciméad clársceidealaithe a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig. Glacfar an doiciméad clársceidealaithe gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é. Beidh an doiciméad clársceidealaithe cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus, más gá, coigeartófar é dá réir.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Sa chlársceidealú bliantúil a bheidh sa doiciméad clársceidealaithe, cuimseofar cuspóirí sonracha agus torthaí ionchais lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, lena n-áirítear tagairt do mheithleacha ACER a gcuirtear de chúram orthu rannchuidiú le dréachtú na ndoiciméad faoi seach, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe ghníomhaíocht-bhunaithe. Beidh an clársceidealú bliantúil comhleanúnach leis an gclársceidealú ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Leasóidh an Bord Riaracháin an doiciméad clársceidealaithe arna ghlacadh, i gcás ina dtabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Déanfar aon leasú substaintiúil ar an ndoiciméad clársceidealaithe a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna a leagtar amach don doiciméad clársceidealaithe tosaigh. Féadfaidh an Bord Riaracháin an chumhacht chun leasuithe neamhshubstainteacha a dhéanamh ar an doiciméad clársceidealaithe a tharmligean chuig an Stiúrthóir.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Sa chlársceidealú ilbhliantúil a bheidh sa doiciméad clársceidealaithe, leagfar amach an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta. Déanfar clársceidealú acmhainní a leagan amach ann freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, go háirithe chun dul i ngleic leis an toradh ar an meastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 45.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|