+Airteagal 32 Táillí
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.

Airteagal 32 Táillí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.
Beidh táillí dlite do ACER as faisnéis arna tuairisciú ag rannpháirtithe margaidh, nó ag daoine nó eintitis a thuairiscíonn thar a cheann, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a bhailiú, a láimhseáil, a phróiseáil agus a anailísiú agus as faisnéis cos istigh a nochtadh de bhun Airteagail 4 agus 4a den Rialachán sin. Íocfaidh sásraí tuairiscithe cláraithe agus ardáin faisnéise cos istigh na táillí. Féadfaidh ioncaim ó na táillí sin costais ACER a chumhdach freisin as na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin a fheidhmiú de bhun Airteagail 13 go 13c agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
Airteagal 32 2.
Is é an Coimisiún a shocróidh na táillí dá dtagraítear i mír 1 agus an dóigh a n-íocfar na táillí sin freisin, i ndiaidh comhairliúchán poiblí a dhéanamh agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an mBord Riaracháin agus leis an mBord Rialálaithe. Beidh na táillí comhréireach leis na costais a bhaineann leis na seirbhísí ábhartha a chuirtear ar fáil ar bhealach costéifeachtach agus beidh siad leordhóthanach chun na costais sin a chumhdach. Socrófar na táillí sin ar leibhéal lena n-áiritheofar go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus go seachnófar leo ualach míchuí airgeadais nó riaracháin ar rannpháirtithe sa mhargadh nó ar eintitis a bhíonn ag gníomhú thar a gceann.

Déanfaidh an Coimisiún leibhéal na dtáillí sin a athscrúdú go rialta ar bhonn meastóireachta agus, más gá, déanfaidh sé leibhéal na dtáillí sin agus an dóigh a mbeidh siad le híoc a oiriúnú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.