+Airteagal 35 Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.
---+Airteagal 35 8.
---+Airteagal 35 9.

Airteagal 35 Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ACER na cuntais shealadacha den bhliain airgeadais (bliain N) a thíolacadh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin (bliain N+1).
Airteagal 35 2.
Cuirfidh ACER tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N+1.

Faoin 31 Márta de bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha ACER a thíolacadhchuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfaidn an Coimisiun an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.

Airteagal 35 3.
Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha ACER do bhliain N i gcomhréir le forálacha Airteagal 246 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh sé cuntais chríochnaitheacha ACER don bhliain sin a tharraingt suas, faoina fhreagracht féin. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chuig an mBord Riaracháin iad chun tuairim a fháil uaidh ina leith.
Airteagal 35 4.
Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha ACER do bhliain N.
Airteagal 35 5.
Faoin 1 Iúil de bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ACER na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
Airteagal 35 6.
Foilseofar na cuntais deiridh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N+1.
Airteagal 35 7.
Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1, déanfaidh an Stiúrthóir freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a thíolacadh. Cuirfidh an Stiúrthóir cóip den fhreagra sin chuig an mBord Riaracháin agus chuig an gCoimisiún freisin.
Airteagal 35 8.
Déanfaidh an Stiúrthóir aon fhaisnéis is gá maidir le cur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta um urscaoileadh do bhliain N a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1271/2013.
Airteagal 35 9.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2, i leith an buiséad do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.