+Airteagal 37 Calaois a chomhrac
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
|
Airteagal 37 Calaois a chomhrac
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Chun comhrac in aghaidh calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
) a éascú,, aontóidh ACER don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag OLAF (
12
), agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile ACER agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aige.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Beidh an chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, chomh maith le hiniúchadh ar bhonn doiciméad a dhéanamh, i ndáil le gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a mbeidh cistí Aontais faighte acu ó ACER.
|
|
Airteagal 37 3.
|
Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh difear do leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag ACER, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (
13
).
|
|
Airteagal 37 4.
|
Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais ACER, forálacha a thugann cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, i comhréir lena gcuid inniúlachtaí féin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|