+Airteagal 43 Comhaontaithe comhair
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.

Airteagal 43 Comhaontaithe comhair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43 1.
Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas a bhfuil rialacha ábhartha dhlí an Aontais glactha acu agus á chur i bhfeidhm acu i réimse an fhuinnimh, go háirithe na rialacha maidir le húdaráis rialála neamhspleácha, rochtain tríú páirtí ar bhonneagar agus díchuachadh, trádáil fuinnimh agus oibríocht an chórais agus rannpháirtíocht agus cosaint na dtomhaltóirí, chomh maith leis na rialacha ábhartha i réimsí an chomhshaoil agus na hiomaíochta.
Airteagal 43 2.
Féadfaidh ACER, faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe chun na críche sin idir an tAontas agus tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1, a cúraimí a fheidhmiú freisin faoi Airteagail 3 go 13 i ndáil le tríú tíortha ar an choinníoll go mbíonn na rialacha ábhartha glactha ag na tríú tíortha sin agus má bhíonn na rialacha ábhartha sin á gcur i bhfeidhm acu freisin i gcomhréir le mír 1, agus má bhíonn sainordú tugtha acu do ACER gníomhaíochtaí a n-údarás rialála a chomhordú le húdaráis rialála na mBallstát. Sna cásanna sin amháin, beidh na tagairtí do shaincheisteanna de chineál trasteorann ag baint le teorainneacha idir an tAontas agus tríú tíortha, agus ní le teorainneacha idir dhá Bhallstát.
Airteagal 43 3.
Sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil do shocruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair ACER, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.
Airteagal 43 4.
Glacfaidh an Bord Riaracháin, rialacha nós imeachta le haghaidh caidreamh le tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 tar éis dó tuairim dhearfach an Bhoird Rialálaithe a fháil. Áiritheoidh an gCoimisiún go bhfeidhmeoidh ACER laistigh dá sainordú agus laistigh den chreat idirinstitiúideach atá ann cheana trí shocruithe oibre oiriúnacha a thabhairt i gcrích le Stiúrthóir ACER.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.