+Airteagal 7 Margaí lá roimh ré agus ionlae
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.

Airteagal 7 Margaí lá roimh ré agus ionlae

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Eagróidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna bainistiú na margaí comhtháite lá roimh ré agus ionlae go comhpháirteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1222*. Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna le chéile ar leibhéal an Aontais nó, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht thrádáil leictreachais lá roimh ré agus ionlae an Aontais a uasmhéadú. Beidh an oibleagáid dul i mbun comhair gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm. Sna feidhmeanna atá acu a bhaineann le trádáil leictreachais, beidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna faoi réir formhaoirseacht rialála arna déanamh ag na húdaráis rialála de bhun Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944 agus ag ACER de bhun Airteagail 4 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/942** agus beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí trédhearcachta agus na maoirseachta éifeachtaí i gcoinne cúbláil margaidh mar a leagtar síos i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.
Airteagal 7 2.

I dtaca le margaí lá roimh ré nó ionlae:

(a) 

eagrófar iad ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach;

(b) 

uasmhéadóidh siad an cumas atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a míchothromaíochtaí a bhainistiú;

▼M2

(c) 

déanfaidh siad uasmhéadú ar na deiseanna atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a bheith rannpháirteach i dtrádáil thraschreasach agus inchreasach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus chomh gar agus is féidir don fhíor-am thar gach crios tairisceana agus laistigh díobh;

(ca) 

eagrófar iad ar bhealach lena n-áirithítear comhroinnt leachtachta idir na OAMLanna go léir, an t-am ar fad, le haghaidh trádáil thraschreasach agus trádáil inchreasach araon. Maidir leis an margadh lá roimh ré, ó uair an chloig roimh am dúnta an gheata go dtí an pointe ama is déanaí ina gceadaítear trádáil lá roimh ré, cuirfidh OAMLanna gach ordú le haghaidh táirgí lá roimh ré agus táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu faoi bhráid na cúplála aonair lá roimh ré ar thaobh amháin agus ní eagróidh siad trádáil le táirgí lá roimh ré ná le táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu lasmuigh den chúpláil aonair lá roimh ré ar an taobh eile. Maidir leis an margadh ionlae, ó am oscailte gheata na cúplála aonair ionlae go dtí an pointe is déanaí nuair a cheadaítear trádáil ionlae i gcrios tairisceana ar leith, cuirfidh OAMLanna gach ordú le haghaidh táirgí ionlae agus táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu faoi bhráid na cúplála aonair ionlae ar thaobh amháin agus ní eagróidh siad trádáil le táirgí ionlae ná le táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu lasmuigh den chúpláil ionlae ar an taobh eile. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le OAMLanna, maidir le gnóthais a fheidhmíonn rialú go díreach nó go hindíreach ar OAML agus maidir le gnóthais atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag OAML;

▼B

(d) 

soláthróidh siad praghsanna a bheidh ina léiriú ar bhunphrionsabail an mhargaidh, lena n-áirítear luach fíor-ama an fhuinnimh, agus ar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh dul ar a n-iontaoibh agus táirgí fálaithe níos fadtéarmaí á gcomhaontú acu;

(e) 

áiritheoidh siad slándáil oibríochtúil agus, ag an am céanna, fágfaidh siad gur féidir an úsáid is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht tarchurtha;

▼M2

(f) 

beidh siad trédhearcach agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad faisnéis de réir an aonaid giniúna agus, ag an am céanna, cosnóidh siad rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus áiritheoidh siad go ndéanfar trádáil ar bhealach anaithnid;

▼B

(g) 

ní dhéanfaidh siad aon idirdhealú idir trádálacha a dhéantar laistigh de chrios tairisceana agus thar chriosanna tairisceana; agus

(h) 

eagrófar iad sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh gach rannpháirtí sa mhargadh in ann rochtain a fháil ar an margadh ina aonar nó trí chomhbhailiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.