+Airteagal 7a Táirge buaicscafa
---+Airteagal 7a 1.
---+Airteagal 7a 2.
---+Airteagal 7a 3.
---+Airteagal 7a 4.
---+Airteagal 7a 5.
---+Airteagal 7a 6.
---+Airteagal 7a 7.
---+Airteagal 7a 8.

Airteagal 7a Táirge buaicscafa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7a 1.
I gcás ina bhfógraítear géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais i gcomhréir le hAirteagal 66a de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar oibreoirí córais soláthar táirgí buaicscafa a mholadh chun laghdú ar an éileamh ar leictreachas a bhaint amach le linn buaicuaireanta. Beidh soláthar den sórt sin teoranta don fhad a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 66a(1) de Threoir (AE) 2019/944.
Airteagal 7a 2.
I gcás ina ndéantar iarraidh de bhun mhír 1, déanfaidh oibreoirí córais, tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, togra a chur faoi bhráid údarás rialála an Bhallstáit lena mbaineann lena fhormheas, ar togra é ina leagtar amach an toisiú agus na coinníollacha maidir le soláthar agus gníomhachtú an táirge buaicscafa.
Airteagal 7a 3.
Déanfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann measúnú ar an togra le haghaidh táirge buaicscafa dá dtagraítear i mír 2 maidir le laghdú ar an éileamh ar leictreachas a bhaint amach agus an tionchar ar phraghas mórdhíola leictreachais le linn buaicuaireanta. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar an ngá nach ndéanfaí, leis an táirge buaicscafa, feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an t-údarás rialála a iarraidh ar an oibreoir córais a thogra a leasú.
Airteagal 7a 4.

Leis an togra le haghaidh táirge buaicscafa dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

maidir le toisiú an táirge buaicscafa:

(i) 

beidh sé bunaithe ar anailís ar an ngá atá le seirbhís bhreise chun slándáil an tsoláthair a áirithiú gan cobhsaíocht eangaí a chur i mbaol, ar a thionchar ar an margadh agus ar na costais agus na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo;

(ii) 

cuirfear san áireamh ann réamhaisnéis an éilimh, réamhaisnéis an leictreachais a ghintear ó fhuinneamh in-athnuaite, an réamhaisnéis ar fhoinsí solúbthachta eile sa chóras, amhail stóráil fuinnimh, agus tionchar praghais mórdhíola an tseolta arna sheachaint; agus

(iii) 

beidh sé teoranta chun a áirithiú nach mó na costais réamh-mheasta ná tairbhí an táirge buaicscafa a bhfuiltear ag súil leo;

(b) 

beidh soláthar táirge buaicscafa bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, mhargadhbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheacha, beidh sé teoranta don fhreagairt don éileamh agus ní eisiafar leis go bhfaighidh sócmhainní rannpháirteacha rochtain ar mhargaí eile;

(c) 

soláthrófar an táirge buaicscafa trí úsáid a bhaint as tairiscint iomaíoch, is féidir a bheith leanúnach, agus beidh an roghnú bunaithe ar an gcostas is ísle chun critéir theicniúla agus chomhshaoil réamhshainithe a chomhlíonadh, agus lamhálfar leis rannpháirtíocht éifeachtach tomhaltóirí, go díreach nó trí chomhbhailiú;

(d) 

ní bheidh an méid íosta tairisceana níos airde ná 100 kW, lena n-áirítear trí chomhbhailiú;

(e) 

ní dhéanfar conarthaí le haghaidh táirge buaicscafa a thabhairt i gcrích níos mó ná seachtain amháin sula ngníomhachtófar é;

(f) 

le gníomhachtú an táirge buaicscafa, ní laghdófar an acmhainneacht thraschreasach;

(g) 

déanfar an táirge buaicscafa a ghníomhachtú roimh chreat ama an mhargaidh lá roimh ré nó lena linn agus féadfar é a dhéanamh bunaithe ar bhonn praghas leictreachais réamhshainithe;

(h) 

ní thabharfar le tuiscint le gníomhachtú an táirge buaicscafa go gcuirfear tús le giniúint atá bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe, chun méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint.

Airteagal 7a 5.
Déanfar an laghdú iarbhír ar thomhaltas mar thoradh ar ghníomhachtú táirge buaicscafa a thomhas i gcomparáid le bonnlíne, lena léireofar an tomhaltas leictreachais a bhfuiltear ag súil leis gan an táirge buaicscafa a ghníomhachtú. I gcás ina soláthraíonn oibreoir córais táirge buaicscafa, forbróidh an t-oibreoir sin modheolaíocht bhonnlíne tar éis dó dul i gcomhairle le rannpháirtithe sa mhargadh, cuirfidh sé san áireamh, i gcás inarb ábhartha, na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 59(1), pointe (e), agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann é lena fhormheas.
Airteagal 7a 6.
Formheasfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann an togra ó na hoibreoirí córais atá ag iarraidh táirge buaicscafa a sholáthar agus an mhodheolaíocht bhonnlíne arna cur isteach i gcomhréir le míreanna 2 agus 5 nó iarrfaidh siad ar na hoibreoirí córais an togra nó an mhodheolaíocht bhonnlíne a leasú i gcás nach gcomhlíonann an togra sin nó an mhodheolaíocht sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2, 4 agus 5.
Airteagal 7a 7.
Faoi cheann 6 mhí tar éis deireadh géarchéime praghsanna leictreachais réigiúnaí nó uile-Aontais dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, measúnú ar an tionchar a bheadh ag úsáid táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar an ngá nach ndéanfadh táirgí buaicscafa feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint a chuirfidh údaráis rialála san áireamh ina measúnú de bhun mhír 3.
Airteagal 7a 8.
Faoin 30 Meitheamh 2025, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, measúnú ar an tionchar ar mhargadh leictreachais an Aontais, faoi ghnáthdhálaí, a bhaineann le forbairt táirgí buaicscafa. Sa mheasúnú sin, tabharfar aird ar an ngá nach ndéanfadh táirgí buaicscafa feidhmiú na margaí leictreachais a shaobhadh go míchuí ná seirbhísí freagartha don éileamh a atreorú i dtreo táirgí buaicscafa. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú chun táirgí buaicscafa a thabhairt isteach tráth nach ann do ghéarchéimeanna praghsanna leictreachais réigiúnacha nó uile-Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.