+Airteagal 12 Giniúint agus freagairt don éileamh a sheoladh
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Article 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
|
Airteagal 12 Giniúint agus freagairt don éileamh a sheoladh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Beidh seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus freagartha don éileamh neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus, mura bhforáiltear dá mhalairt faoi mhíreanna 2 go 6, margadhbhunaithe
|
|
Airteagal 12 2.
|
Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais, agus suiteálacha giniúna leictreachais á seoladh acu, tosaíocht a thabhairt do shuiteálacha giniúna a úsáideann foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéid a cheadófar sin de réir oibriú slán an chórais leictreachais náisiúnta agus bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:
(a)
saoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici; nó
(b)
tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, ar choinníoll go bhfuil formheasta ag an údarás rialála a bheidh teoranta don am agus don mhéid a bheidh an maolú riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan seoladh tosaíochta a chur i bhfeidhm maidir le saoráidí breise giniúna cumhachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thosóidh ar bheith ag feidhmiú ar a laghad 6 mhí tar éis an chinnidh, nó tairseach acmhainneachta íosta a chur i bhfeidhm is ísle ná í sin a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2, ar choinníoll:
(a)
go bhfuil rochtain iomlán ag gach rannpháirtí sa mhargadh ar a margadh ionlae, a margadh mórdhíola agus a margadh don chothromú, atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;
(b)
go bhfuil rialacha maidir le comhroinnt agus bainistiú ar phlódú trédhearcach do gach rannpháirtí sa mhargadh;
(c)
go bhfuil ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit i leith sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite faoi Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCómhairle (
9
) agus faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) comhionann ar a laghad le toradh comhfhreagrach na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus nach bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite níos ísle ná a phointí tagartha faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999; nó, mar mhalairt air sin, go bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in olltomhaltas deiridh leictreachais cothrom le 50 % ar a laghad;
(d)
go bhfuil fógra faoin maolú atá beartaithe tugtha ag an mBallstát don Choimisiún ina leagtar amach go mionsonraithe an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi phointí (a), (b) agus (c); agus
(e)
go bhfuil an maolú atá beartaithe, lena n-áirítear an réasúnú mionsonraithe, foilsithe ag an mBallstát, agus aird chuí tugtha aige, i gcás inar gá, ar chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
Seachnófar, le maolú ar bith, athruithe cúlghabhálacha i gcás suiteálacha giniúna a bhaineann tairbhe cheana féin as seoladh tosaíochta, d'ainneoin aon chonartha idir Ballstát agus suiteáil giniúna ar bhonn deonach. Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shuiteálacha atá incháilithe do sheoladh tosaíochta an seoladh tosaíochta a thabhairt suas dá ndeoin féin.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do sheoladh tosaíochta i gcás fuinneamh a ghintear i saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as comhghiniúint ardéifeachtach a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici.
|
|
Article 12 5.
|
For power-generating facilities commissioned as from 1 January 2026, point (a) of paragraph 2 shall apply only to power-generating facilities that use renewable energy sources and have an installed electricity capacity of less than 200 kW.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Gan dochar do chonarthaí a bheidh tugtha i gcrích roimh an 4 Iúil 2019, maidir le saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí in-athnuaite fuinnimh nó comhghiniúint ardéifeachtach agus a coimisiúnaíodh roimh an 4 Iúil 2019 agus a bhí, nuair a coimisiúnaíodh iad, faoi réir seoladh tosaíochta faoi Airteagal 15(5) de Threoir 2012/27/AE nó Airteagal 16(2) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), leanfaidh siad de bheith ag tairbhiú de sheoladh tosaíochta. Ní bheidh feidhm ag seoladh tosaíochta do shaoráidí giniúna cumhachta den chineál sin a thuilleadh ón dáta óna mbeidh an tsaoráid giniúna cumhachta faoi réir modhnuithe suntasacha, rud a bheidh amhlaidh, ar a laghad, i gcás ina mbeidh gá le comhaontú do nasc nua nó i gcás ina méadaítear acmhainneacht ghiniúna an saoráidí giniúna cumhachta.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Ní chuirfear oibriú slán an chórais leictreachais i mbaol le seoladh tosaíochta, ní bhainfear úsáid as mar bhonn cirt le ciorrú ar an acmhainneacht traschreasach thar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus beidh sé bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|