|
+Airteagal 12 3. |
Airteagal 12 3.Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan seoladh tosaíochta a chur i bhfeidhm maidir le saoráidí breise giniúna cumhachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thosóidh ar bheith ag feidhmiú ar a laghad 6 mhí tar éis an chinnidh, nó tairseach acmhainneachta íosta a chur i bhfeidhm is ísle ná í sin a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2, ar choinníoll:
(a)
go bhfuil rochtain iomlán ag gach rannpháirtí sa mhargadh ar a margadh ionlae, a margadh mórdhíola agus a margadh don chothromú, atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;
(b)
go bhfuil rialacha maidir le comhroinnt agus bainistiú ar phlódú trédhearcach do gach rannpháirtí sa mhargadh;
(c)
go bhfuil ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit i leith sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite faoi Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCómhairle ( 9 ) agus faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) comhionann ar a laghad le toradh comhfhreagrach na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus nach bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite níos ísle ná a phointí tagartha faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999; nó, mar mhalairt air sin, go bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in olltomhaltas deiridh leictreachais cothrom le 50 % ar a laghad;
(d)
go bhfuil fógra faoin maolú atá beartaithe tugtha ag an mBallstát don Choimisiún ina leagtar amach go mionsonraithe an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi phointí (a), (b) agus (c); agus
(e)
go bhfuil an maolú atá beartaithe, lena n-áirítear an réasúnú mionsonraithe, foilsithe ag an mBallstát, agus aird chuí tugtha aige, i gcás inar gá, ar chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Seachnófar, le maolú ar bith, athruithe cúlghabhálacha i gcás suiteálacha giniúna a bhaineann tairbhe cheana féin as seoladh tosaíochta, d'ainneoin aon chonartha idir Ballstát agus suiteáil giniúna ar bhonn deonach. Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shuiteálacha atá incháilithe do sheoladh tosaíochta an seoladh tosaíochta a thabhairt suas dá ndeoin féin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|