+Airteagal 19 2.

Airteagal 19 2.

Tabharfar tosaíocht do na cuspóirí seo a leanas maidir le haon ioncam a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasaí:

(a) 

infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú lena n-áirítear cúiteamh daingne;

(b) 

acmhainneachtaí traschreasacha a choinneáil ar bun nó a mhéadú trí úsáid idirnascairí atá ann cheana a optamú trí bhíthin gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhordaithe, i gcás inarb infheidhme, nó trí chostais a chumhdach a eascraíonn as infheistíocht gréasáin atá ábhartha maidir le plódú idirnascairí a laghdú; nó

(c) 

oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta i gcrios tairisceana amach ón gcósta atá nasctha go díreach le dhá chrios tairisceana nó níos mó a chúiteamh i gcás inar laghdaíodh an rochtain ar mhargaí idirnasctha ar bhealach ina bhfágtar nach mbeidh oibreoir gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta in ann a chumas giniúna leictreachais a onnmhairiú chuig an margadh agus, i gcás inarb ábhartha, ina bhfágtar go mbeidh laghdú comhfhreagrach ar an bpraghas sa chrios tairisceana amach ón gcósta, i gcomparáid le cás nárbh ann do laghduithe acmhainneachta.

Beidh feidhm ag an gcúiteamh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcás, sna torthaí bailíochtaithe maidir le ríomh acmhainneachta, nach mbeidh curtha ar fáil ag oibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó an acmhainneacht a comhaontaíodh i gcomhaontuithe nasctha maidir leis an idirnascaire nó an acmhainneacht maidir leis na heilimintí criticiúla gréasáin de bhun na rialacha maidir le ríomh acmhainneachta a leagtar síos in Airteagal 16(8), nó nach mbeidh ceachtar acu sin curtha ar fáil aige nó acu. Beidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá freagrach as rochtain ar mhargaí idirnasctha a laghdú freagrach as cúiteamh a thabhairt d’oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta. Ar bhonn bliantúil, ní rachaidh an cúiteamh sin thar an ioncam iomlán ó phlódú a ghintear ar idirnascairí idir na criosanna tairisceana lena mbaineann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.