+Airteagal 19 Ioncam ó phlódú
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
|
Airteagal 19 Ioncam ó phlódú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Ní fhéadfaidh nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le creat ama réamhshonraithe ioncam a ghiniúint ach amháin i gcás ina dtarlóidh plódú i dtaca leis an gcreat ama sin, seachas i gcás idirnascairí nua a thairbhíonn ó dhíolúine faoi Airteagal 63 den Rialachán seo, Airteagal 17 den Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003. Beidh an nós imeachta chun an t-ioncam sin a leithdháileadh faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála agus ní dhéanfaidh sé saobhadh ar an bpróiseas leithdháilte i bhfabhar aon pháirtí a iarrfaidh acmhainneacht nó fuinneamh ná ní bheidh sé ina dhídhreasacht chun plódú a laghdú.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Tabharfar tosaíocht do na cuspóirí seo a leanas maidir le haon ioncam a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasaí:
(a)
infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú lena n-áirítear cúiteamh daingne;
(b)
acmhainneachtaí traschreasacha a choinneáil ar bun nó a mhéadú trí úsáid idirnascairí atá ann cheana a optamú trí bhíthin gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhordaithe, i gcás inarb infheidhme, nó trí chostais a chumhdach a eascraíonn as infheistíocht gréasáin atá ábhartha maidir le plódú idirnascairí a laghdú; nó
(c)
oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta i gcrios tairisceana amach ón gcósta atá nasctha go díreach le dhá chrios tairisceana nó níos mó a chúiteamh i gcás inar laghdaíodh an rochtain ar mhargaí idirnasctha ar bhealach ina bhfágtar nach mbeidh oibreoir gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta in ann a chumas giniúna leictreachais a onnmhairiú chuig an margadh agus, i gcás inarb ábhartha, ina bhfágtar go mbeidh laghdú comhfhreagrach ar an bpraghas sa chrios tairisceana amach ón gcósta, i gcomparáid le cás nárbh ann do laghduithe acmhainneachta.
Beidh feidhm ag an gcúiteamh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcás, sna torthaí bailíochtaithe maidir le ríomh acmhainneachta, nach mbeidh curtha ar fáil ag oibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó an acmhainneacht a comhaontaíodh i gcomhaontuithe nasctha maidir leis an idirnascaire nó an acmhainneacht maidir leis na heilimintí criticiúla gréasáin de bhun na rialacha maidir le ríomh acmhainneachta a leagtar síos in Airteagal 16(8), nó nach mbeidh ceachtar acu sin curtha ar fáil aige nó acu. Beidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá freagrach as rochtain ar mhargaí idirnasctha a laghdú freagrach as cúiteamh a thabhairt d’oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta. Ar bhonn bliantúil, ní rachaidh an cúiteamh sin thar an ioncam iomlán ó phlódú a ghintear ar idirnascairí idir na criosanna tairisceana lena mbaineann.
|
|
Airteagal 19 3.
|
I gcás ina gcomhlíonfar go leormhaith na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach i mír 2, feádfar an t-ioncam a úsáid mar ioncam a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis rialála agus an mhodheolaíocht chun taraifí gréasáin a ríomh nó taraifí gréasáin a shocrú á formheas acu, nó an dá rud. Cuirfear an t-ioncam iarmharach ar líne leithleach inmheánach cuntais go dtí go bhféadfar é a chaitheamh chun na gcríoch a leagtar amach i mír 2.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Beidh úsáid an ioncaim i gcomhréir le pointe (a) nó (b) de mhír 2 faoi réir modheolaíocht arna moladh ag na hoibreoirí córais tarchurtha tar éis dóibh dul i gcomhairle le húdaráis rialála agus le geallsealbhóirí ábhartha agus déanfaidh ACER í a fhormheas. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an togra a thíolacadh do ACER faoin 5 Iúil 2020 agus déanfaidh ACER cinneadh maidir leis an mhodheolaíocht molta laistigh de 6 mhí an mhodheolaíocht a bheith faighte aige. Féadfaidh ACER a iarraidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha an mhodheolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athrú nó a nuashonrú. Déanfaidh ACER an mhodheolaíocht athruithe nó nuashonraithe a fhormheas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis a thíolacadh. Leagfar amach sa mhodheolaíocht na coinníollacha faoinar féidir na hioncaim a úsáid le haghaidh na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2, na coinníollacha faoina bhféadfar na hioncaim a chur ar líne leithleach inmheánach cuntais lena úsáid chun na gcríoch sin amach anseo, agus an fad a fhéadfar na hioncaim a chur ar líne cuntais den sórt sin.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an úsáid a bhainfidh siad as aon ioncam ó phlódú a leagan síos go soiléir roimh ré, agus tabharfaidh siad tuarascáil do na húdaráis rialála ar úsáid iarbhír an ioncaim sin. Faoin 1 Márta gach bliain, déanfaidh na húdaráis rialála ACER a chur ar an eolas agus tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach:
(a)
méid an ioncaim a bailíodh don tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin;
(b)
an bealach ar baineadh úsáid as an ioncam sin de bhun mhír 2, lena n-áirítear na tionscadail shonracha ar úsáideadh an t-ioncam ina leith, agus an méid a cuireadh ar líne ar leithligh sna cuntais;
(c)
an méid ar baineadh úsáid as agus taraifí gréasáin á ríomh; agus
(d)
le fíorú go comhlíonann an méid dá dtagraítear i bpointe (c) an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht arna forbairt de bhun mhíreanna 3 agus 4.
I gcás ina n-úsáidtear roinnt den ioncam ón bplódú tráth a dhéantar taraifí gréasáin a ríomh, leagfar amach sa tuarascáil conas a chomhlíon oibreoirí córais tarchurtha na cuspóirí tosaíochta atá leagtha amach i mír 2 i gcás inarb infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|