|
+Airteagal 19e 2. |
Airteagal 19e 2.Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid a leanas ar a laghad:
(a)
meastóireacht a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla riachtanas solúbthachta, ar bhonn séasúrach, laethúil agus in aghaidh na huaire ar a laghad, chun leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, inter alia, toimhdí éagsúla i ndáil le praghsanna an mhargaidh leictreachais, giniúint agus éileamh;
(b)
machnamh a dhéanamh ar acmhainneacht acmhainní solúbthachta neamhiontaise, amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, lena n-áirítear comhbhailiú agus idirnascadh, chun na riachtanais solúbthachta sin a chomhlíonadh, ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin araon;
(c)
meastóireacht a dhéanamh ar na bacainní ar sholúbthacht sa mhargadh agus bearta agus dreasachtaí maolúcháin ábhartha a mholadh, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní rialála agus feabhsuithe féideartha i ndáil le margaí agus seirbhísí nó táirgí oibríochta córais;
(d)
meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn digitiú na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais; agus
(e)
foinsí solúbthachta a mheastar a bheidh ar fáil i mBallstáit eile a chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|