+Airteagal 19e Measúnú ar riachtanais solúbthachta
---+Airteagal 19e 1.
---+Airteagal 19e 2.
---+Airteagal 19e 3.
---+Airteagal 19e 4.
---+Airteagal 19e 5.
---+Airteagal 19e 6.
---+Airteagal 19e 7.
---+Airteagal 19e 8.

Airteagal 19e Measúnú ar riachtanais solúbthachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19e 1.
Tráth nach déanaí ná aon bhliain amháin tar éis do ACER an mhodheolaíocht a fhormheas de bhun mhír 6, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, glacfaidh an t-údarás rialála, nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú ag Ballstát, tuarascáil ar na riachtanais solúbthachta mheasta go ceann tréimhse 5 bliana go 10 mbliana ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta, i bhfianaise an ghá atá ann slándáil agus iontaofacht an tsoláthair a bhaint amach go costéifeachtúil agus an córas leictreachais a dhícharbónú, agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite inathraithigh agus na hearnálacha éagsúla á gcur san áireamh, chomh maith le cineál idirnasctha an mhargaidh leictreachais, lena n-áirítear spriocanna maidir le hidirnascadh agus infhaighteacht fhéideartha na solúbthachta trasteorann.

An tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

beidh sí comhsheasmhach leis an measúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní agus leis na measúnuithe náisiúnta ar leordhóthanacht acmhainní a dhéantar de bhun Airteagail 23 agus 24;

(b) 

beidh sí bunaithe ar na sonraí agus ar an anailís arna soláthar ag oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin gach Ballstáit de bhun mhír 3 agus úsáid á baint as an modheolaíocht choiteann de bhun mhír 4 agus, nuair atá údar cuí leis, sonraí agus anailís bhreise.

I gcás ina bhfuil oibreoir córais tarchurtha ainmnithe ag an mBallstát chun an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás rialála an tuarascáil a fhormheas nó a leasú.

Airteagal 19e 2.

Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid a leanas ar a laghad:

(a) 

meastóireacht a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla riachtanas solúbthachta, ar bhonn séasúrach, laethúil agus in aghaidh na huaire ar a laghad, chun leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, inter alia, toimhdí éagsúla i ndáil le praghsanna an mhargaidh leictreachais, giniúint agus éileamh;

(b) 

machnamh a dhéanamh ar acmhainneacht acmhainní solúbthachta neamhiontaise, amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, lena n-áirítear comhbhailiú agus idirnascadh, chun na riachtanais solúbthachta sin a chomhlíonadh, ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin araon;

(c) 

meastóireacht a dhéanamh ar na bacainní ar sholúbthacht sa mhargadh agus bearta agus dreasachtaí maolúcháin ábhartha a mholadh, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní rialála agus feabhsuithe féideartha i ndáil le margaí agus seirbhísí nó táirgí oibríochta córais;

(d) 

meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn digitiú na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais; agus

(e) 

foinsí solúbthachta a mheastar a bheidh ar fáil i mBallstáit eile a chur san áireamh.

Airteagal 19e 3.
Soláthróidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin gach Ballstáit na sonraí agus na hanailísí is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú don údarás rialála nó d’údarás nó eintiteas eile a ainmnítear de bhun mhír 1. I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile a ainmnítear de bhun mhír 1 a iarraidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus ar na hoibreoirí córais dáileacháin lena mbaineann ionchur breise don tuarascáil a sholáthar, sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais nó na hoibreoirí córais dáileacháin leictreachais lena mbaineann, in éineacht leis na hoibreoirí córais gáis nádúrtha agus leis na hoibreoirí córais hidrigine, bailiú na faisnéise ábhartha a chomhordú i gcás inar gá sin chun críocha an Airteagail seo.
Airteagal 19e 4.

Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna obair oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin a chomhordú a mhéid a bhaineann leis na sonraí agus na hanailísí atá le soláthar i gcomhréir le mír 3. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

cineál agus formáid na sonraí a shainiú a sholáthróidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin do na húdaráis rialála nó, d’údarás nó d’eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1;

(b) 

modheolaíocht a fhorbairt chun go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin anailís ar na riachtanais solúbthachta, agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:

(i) 

na foinsí solúbthachta go léir atá ar fáil ar bhealach costéifeachtach sna creataí ama éagsúla, lena n-áirítear i mBallstáit eile;

(ii) 

infheistíochtaí atá beartaithe in idirnascadh agus solúbthacht ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin; agus

(iii) 

an gá atá leis an gcóras leictreachais a dhícharbónú chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ( 12 ).

Beidh treoirchritéir sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i dtaobh conas a dhéanfar measúnú ar chumas na bhfoinsí solúbthachta éagsúla na riachtanais solúbthachta a chumhdach.

Airteagal 19e 5.
Oibreoidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna i ndlúthchomhar le chéile a mhéid a bhaineann le comhordú na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na n-oibreoirí córais dáileacháin maidir le soláthar sonraí agus anailíse de bhun mhír 4.
Airteagal 19e 6.
Faoin 17 Aibreán 2025, cuirfidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna togra faoi bhráid ACER go comhpháirteach maidir leis na cineálacha sonraí agus formáide atá le cur faoi bhráid údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1, agus maidir leis an modheolaíocht chun anailís a dhéanamh ar na riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 4. Laistigh de 3 mhí ón am a gheobhaidh sé an togra, déanfaidh ACER an togra a ghlacadh nó a leasú. Más leasú a dhéanfar, rachaidh ACER i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais, ENTSO don Leictreachas agus le heintiteas AE do OCDanna sula nglacfaidh sé na leasuithe. Foilseofar an togra leasaithe ar shuíomh gréasáin ACER.
Airteagal 19e 7.
Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1, na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER agus iad a fhoilsiú. Laistigh de 12 mhí tar éis dó na tuarascálacha a fháil, eiseoidh ACER tuarascáil ina ndéanfar anailís orthu agus ina soláthrófar moltaí maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo maidir leis na cinntí a rinne an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna n-ainmniú de bhun mhír 1, lena n-áirítear moltaí maidir le bacainní iontrála ar acmhainní solúbthachta neamhiontaise a bhaint.

Ar na saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, déanfaidh ACER measúnú ar an méid seo a leanas:

(a) 

conas an anailís ar riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhtháthú ar bhealach níos fearr leis an modheolaíocht don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 23 agus leis an modheolaíocht don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, lena n-áirithítear comhsheasmhacht eatarthu;

(b) 

na riachtanais solúbthachta mheasta sa chóras leictreachais ar leibhéal an Aontais agus an acmhainneacht a mheastar a bheidh ar fáil go heacnamaíoch sa chéad 5 bliana go 10 mbliana eile agus na tuarascálacha náisiúnta á gcur san áireamh;

(c) 

bearta breise a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun leas a bhaint as acmhainneacht solúbthachta sna margaí leictreachais agus in oibriú an chórais leictreachais.

Féadfar torthaí na hanailíse dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), a chur san áireamh in athbhreithnithe breise ar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar do ACER maidir le conas is féidir a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050.

Airteagal 19e 8.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an plean forbartha gréasáin uile-Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun torthaí na dtuarascálacha náisiúnta ar riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 1 a áireamh. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus na hoibreoirí córais dáileacháin na tuarascálacha sin a mheas ina bpleananna forbartha gréasáin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.