+Airteagal 20 Leormhaitheas acmhainní sa mhargadh inmheanach um leictreachas
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.
|
Airteagal 20 Leormhaitheas acmhainní sa mhargadh inmheanach um leictreachas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leormhaitheas acmhainní laistigh dá gcríoch bunaithe ar an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23. Chun críocha an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a chomhlánú, féadfaidh na Ballstáit measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a dhéanamh freisin de bhun Airteagal 24.
|
|
Airteagal 20 2.
|
I gcás ina sainaithnítear sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 nó sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 24 ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, sainaithneoidh na Ballstáit lena mbaineann aon saobhadh rialála nó clistí margaidh ba chúis leis an ábhar imní sin teacht chun cinn nó a rannchuidigh leis sin.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Na Ballstáit ar ina leith a shainaithneofar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, déanfaidh siad a fhorbairt agus a fhoilsiú plean cur chun feidhme ina mbeidh amlíne chun bearta a ghlacadh chun deireadh a chur le haon saobhadh rialála nó clistí margaí a shainaithneofar mar chuid den phróiseas maidir le Státchabhair. Agus aghaidh á tabhairt acu ar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, cuirfidh na Ballstáit san áireamh go háirithe na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus déanfaidh siad breithniú ar gach ní de na nithe seo a leanas:
(a)
deireadh a chur le saobhadh rialála;
(b)
uasteorainneacha praghais a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 10;
(c)
feidhm praghsála teirce a thabhairt isteach maidir leis an bhfuinneamh don chothromú amhail dá dtagraítear in Airteagal 44(3) de Rialacháin Uimh. 2017/2195;
(d)
idirnascadh agus acmhainneacht inmheánach eangaí a mhéadú d'fhonn ar a laghad a spriocanna maidir le hidirnascadh a bhaint amach amhail dá dtagraítear i bpointe (d)(1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999;
(e)
féinghiniúint, stóráil fuinnimh, bearta atá dírithe ar an éileamh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chumasú trí bhearta a ghlacadh chun aon saobhadh rialála arna sainaithint a dhíothú;
(f)
soláthar cost-éifeachtach agus margadhbhunaithe seirbhísí cothromúcháin agus coimhdeacha a áirithiú;
(g)
praghsanna rialáilte a bhaint i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an plean cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Laistigh de 4 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme a fháil, tabharfaidh an Coimisiún tuairimí dtaobh an leor na bearta chun an saobhadh rialála nó clistí margaidh a dhíothú arna sainaithint de bhun mhír 2, agus féadfaidh sé a iarraidh ar an Ballstáit a bpleananna cur chun feidhme a leasú dá réir.
|
|
Airteagal 20 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann faireachán ar chur i bhfeidhm na bpleananna cur chun feidhme agus foilseoidh siad torthaí an fhaireacháin i dtuarascáil bhliantúil agus cuirfidh said an tuaraiscail faoi bhráid an Choimisúin.
|
|
Airteagal 20 7.
|
Tabharfaidh an Coimisiún tuairim i dtaobh ar cuireadh na pleananna chun feidhme go leordhóthanach agus ar réitíodh an t-ábhar imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní.
|
|
Airteagal 20 8.
|
Leanfaidh na Ballstáit de bheith ag cloí leis an bplean cur chun feidhme tar éis an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní arna sainaithint i dtaca le leormhaitheas a réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|