+Airteagal 21 Prionsabail ghinearálta le haghaidh sásraí acmhainneachta
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
---+Airteagal 21 8.

Airteagal 21 Prionsabail ghinearálta le haghaidh sásraí acmhainneachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Féadfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach le linn dóibh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 107, 108 agus 109 CFAE.
Airteagal 21 2.
Sula ndéanfaidh siad sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach, déanfaidh Ballstát lena mbaineann staidéar cuimsitheach ar éifeachtaí sásraí den sórt sin a d'fhéadfadh a bheith acu ar na Ballstáit chomharsanachta trí dhul i gcomhairle ar a laghad lena mBallstáit chomharsanachta ag a bhfuil nasc díreach gréasáinagus le geallsealbhóirí na mBallstát sin.
Airteagal 21 3.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú i dtaobh an féidir le sásra acmhainneachta, i riocht cúltaca straitéiseach, aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní. I gcás nach amhlaidh an cás, féadfaidh na Ballstáit cineál eile sásra acmhainneachta a chur chun feidhme.
Airteagal 21 4.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach i gcás nár saithaithníodh ábhar imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní agus sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, nó in éagmais measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.
Airteagal 21 5.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach sula mbeidh tuairim faighte ón gCoimisiún, amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(5), i dtaobh an phlean cur chun feidhme amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(3).
Airteagal 21 6.
I gcás ina ndéanfaidh Ballstát sásra acmhainneachta a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé athbhreithniú ar an sásra acmhainneachta sin agus déanfaidh sé a áirithiú nach ndéanfar aon chonradh nua a chur i gcrích faoin sásra sin i gcás nár sainaithníodh ábhar imní i dtaca le measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní agus an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, nó in éagmais measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní, nó nach mbeidh tuairim eisithe ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 20(5) i dtaobh an phlean cur chun feidhme amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(3).
Airteagal 21 8.
Déanfaidh an Coimisiún na sásraí acmhainneachta a fhormheas ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana. Laghdófar méid na n-acmhainneachtaí geallta ar bhonn na bpleananna cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3). Leanfaidh na Ballstáit den phlean cur chun feidhme a chur i bhfeidhm tar éis an sásra acmhainneachta a thabhairt isteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.