|
+Airteagal 24 1. |
Airteagal 24 1.Beidh raon feidhme réigiúnach ag an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus beidh sé bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 23(3), go háirithe do na forálacha arna soláthar i bpointí (b) go (m) d'Airteagal 23(5). Beidh na cásanna lárnacha tagartha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5) sna measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní. Ina theannta sin, féadfar, le measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, íogaireachtaí breise a sholáthar, sa bhreis ar na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5). Agus íogaireachtaí breise á gcur i bhfeidhm, féadfar, le measúnuithe breise ar leormhaitheas acmhainní, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
toimhdí a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh saintréithe an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta;
(b)
úsáid a bhaint as uirlisí agus as sonraí comhsheasmhacha is déanaí atá comhlantacha leis na cinn a d'úsáid ENTSO don Leictreachas sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní. Thairis sin, agus measúnú á dhéanamh ar rannchuidiú soláthraithe acmhainneachta bunaithe i mBallstat eile maidir le slándáil soláthair na gcriosanna tairisceana a chumhdaítear leo, úsáidfidh measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní an mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(11). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|