+Airteagal 24 Measúnuithe náisiúnta leormhaitheasa acmhainní
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.

Airteagal 24 Measúnuithe náisiúnta leormhaitheasa acmhainní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Beidh raon feidhme réigiúnach ag an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus beidh sé bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 23(3), go háirithe do na forálacha arna soláthar i bpointí (b) go (m) d'Airteagal 23(5).

Beidh na cásanna lárnacha tagartha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5) sna measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.

Ina theannta sin, féadfar, le measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, íogaireachtaí breise a sholáthar, sa bhreis ar na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5). Agus íogaireachtaí breise á gcur i bhfeidhm, féadfar, le measúnuithe breise ar leormhaitheas acmhainní, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

toimhdí a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh saintréithe an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta;

(b) 

úsáid a bhaint as uirlisí agus as sonraí comhsheasmhacha is déanaí atá comhlantacha leis na cinn a d'úsáid ENTSO don Leictreachas sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.

Thairis sin, agus measúnú á dhéanamh ar rannchuidiú soláthraithe acmhainneachta bunaithe i mBallstat eile maidir le slándáil soláthair na gcriosanna tairisceana a chumhdaítear leo, úsáidfidh measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní an mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(11).

Airteagal 24 2.
Déanfar measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an tuairim ó ACER de bhun mhír 3 d'Airteagal 18 a chur ar fáil go poiblí.
Airteagal 24 3.
I gcás ina sainaithneofar ábhar imní sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní maidir le crios tairisceana agus nach mbeidh ábhar imní sainaitheanta sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní i dtaca leis an gcrios tairisceana céanna, déanfaidh an comhlacht a rialaíonn an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a chur san áireamh ina thuarascáil ar an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, réasúnaíocht maidir leis an éagsúlacht a tharla idir an dá mheasúnú ar leormhaitheas acmhainní, lena n-áirítear mionsonraí ar na híogaireachtaí a úsáideadh agus na toimhdí bunúsacha. Foilseoidh na Ballstáit an measúnú sin agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig ACER í.

Laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an tuarascáil, cuirfidh ACER tuairim ar fáil i dtaobh an bhfuil údar leis na difríochtaí idir an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní Eorpach.

An comhlacht a freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim ó ACER, agus i gcás inar gá, leasóidh sé a mheasúnú deiridh. I gcás ina gcinnfidh sé gan lánaird chuí a thabhairt ar an tuairim ó ACER, an comhlacht a freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, foilseoidh sé tuarascáil ina mbeidh réasúnaithe mionsonraithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.