+Airteagal 26 Rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.
---+Airteagal 26 10.
---+Airteagal 26 11.
---+Airteagal 26 12.
---+Airteagal 26 13.
---+Airteagal 26 14.
---+Airteagal 26 15.

Airteagal 26 Rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Beidh sásraí acmhainneachta nach cúltacaí straitéiseacha iad agus i gcás inarb indéanta go teicniúil, cúltacaí straitéiseacha, oscailte do rannpháirtíocht dhíreach trasteorann soláthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i mBallstát eile de bhun fhorálacha ata leagtha síos san Airteagal seo.
Airteagal 26 2.
Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh an deis ag acmhainneacht eachtrach, atá in ann feidhmíocht choibhéiseach theicniúil a sholáthar agus atá ag an acmhainneacht intíre, a bheith rannpháirteach sa phróiseas iomaíoch céanna agus atá acmhainneacht intíre. I gcás sásraí acmhainneachta atá ag oibriú amhail ón 4 Iúil 2019, féadfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht dhíreach idirnascairí a cheadú d'idirnascairí sa phróiseas iomaíoch céanna mar acmhainneacht eachtrach go ceann uastréimhse 4 bliana ón 4 Iúil 2019 nó 2 bhliain tar éis dháta fhormheas na modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 11, cibé ceann acu a thagann ar dtús.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i mBallstát ina bhfuil nasc díreach gréasáin leis an mBallstát a chuireann an sásra i bhfeidhm.

Airteagal 26 3.
Ní chuirfidh Ballstáit bac ar acmhainneacht atá lonnaithe ina gcríoch ó bheith rannpháirteach i sásraí acmhainneachta na mBallstát eile.
Airteagal 26 4.
Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta sceidil thraschreasacha agus sreafaí fisiceacha idir Ballstáit a athrú, ná tionchar eile a imirt orthu.Socrófar na sceidil agus na sreafaí sin bunaithe ar an toradh ar leithdháileadh acmhainneachta de bhun Airteagal 16 agus ar an mbealach sin amháin.
Airteagal 26 5.
Beidh soláthraithe acmhainneachta in ann páirt a ghlacadh i níos mó ná iliomad sásraí acmhainneachta amháin.

I gcás ina nglacfaidh soláthraithe acmhainneachta páirt i níos mó ná sásra amháin don tréimhse seachadta chéanna, glacfaidh siad páirt suas go dtí an infhaighteacht ionchasach réamh-mheasta idirnasctha agus gur dócha go dtarlóidh brú sna córais ag an am céanna idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i gcomhréir leis na modheolaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11.

Airteagal 26 6.
Ceanglófar ar soláthraithe acmhainneachta íocaíochtaí neamh-infhaighteachta a dhéanamh i gcásanna nuair nach bhfuil a n-acmhainneacht ar fáil.

I gcás ina mbeidh soláthraithe acmhainneachta rannpháirteach i níos mó ná sásra acmhainneachta amháin don tréimhse seachadta chéanna, ceanglófar orthu iliomad íocaíochtaí neamh-infhaighteachta a dhéanamh nuair nach bhfuil siad in ann iliomad gealltanas a chomhlíonadh.

Airteagal 26 7.
Chun críche moladh a sholáthar d'oibreoirí córais tarchurtha, déanfaidh na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha arna mbunú de bhun Airteagal 35 an acmhainneacht uasta iontrála a bheidh ar fáil do rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí a ríomh ar bhonn bliantúil. Cuirfear san áireamh sa ríomh sin infhaighteacht réamh-mheasta idirnasctha agus gur dócha go dtarlóidh brú sna córais ag an am céanna idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe. Beidh ríomh de dhíth do gach teorainn idir dhá chrios tairisceana.

Socróidh oibreoirí córais tarchurtha gach bliain an acmhainneacht uasta iontrála a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí bunaithe ar mholadh ón lárionad comhordúcháin réigiúnach ar bhonn bliantúil.

Airteagal 26 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an acmhainneacht iontrála dá dtagraítear i mír 6 a leithdháileadh ar sholáthraithe acmhainneachta incháilithe ar mhodh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus margadhbhunaithe.
Airteagal 26 9.
Má tá sásraí acmhainneachta oscailte do rannpháirtíocht trasteorann in dhá Bhallstát comharsanachta, aon ioncam a eascraíonn as an leithdháileadh dá dtagraítear i mír 8, íocfar é leis na hoibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann agus comhroinnfear eatarthu é i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 11 den Rialachán seo nó i gcomhréir le modheolaíocht chomhchoiteann a bheidh formheasta ag an dá údarás rialála ábhartha. Mura bhfuil sásra acmhainneachta á chur i bhfeidhm ag an mBallstát comharsanachta nó má tá sásra acmhainneachta á chur i bhfeidhm aige nach bhfuil oscailte do rannpháirtíocht trasteorann, déanfaidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina gcuirtear an sásra acmhainneachta chun feidhme an sciar den ioncam a fhormheas tar éis tuairim a lorg ó údaráis rialála na mBallstát comharsanachta. Bainfidh oibreoirí córas tarchurtha úsáid as ioncam den sórt sin chun na críocha a leagtar amach in Airteagal 19(2).
Airteagal 26 10.

Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe an méid seo a leanas:

(a) 

suífidh sé cibé acu an bhfuil soláthraithe acmhainneachta ar suim leo é in ann an fheidhmíocht theicniúil a sholáthar mar a cheanglaítear faoin sásra acmhainneachta a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí acmhainne bheith rannpháirteach ann nó nach bhfuil agus cláróidh sé an soláthraí acmhainneachta mar sholáthraí acmhainneachta i gclár arna bhunú don chuspóir sin;

(b) 

déanfaidh sé seiceálacha ar infhaighteacht;

(c) 

tabharfaidh sé fógra don oibreoir córais tarchurtha sa Bhallstát ina gcuirfear an sásra acmhainneachta i bhfeidhm faoin bhfaisnéis a fhaightear faoi phointí (a) agus (b) den fhomhír seo agus faoin dara fomhír.

Tabharfaidh an soláthraí acmhainne ábhartha fógra don oibreoir córais tarchurtha faoina rannpháirtíocht i sásra acmhainneachta eachtrach gan mhoill;

Airteagal 26 11.

Faoin 5 Iúil 2020 cuirfidh ENTSO don Leictreachas na nithe seo a leanas faoi bhráid ACER:

(a) 

modheolaíocht chun an acmhainneacht iontrála uasta don rannpháirtíocht trasteorann a ríomh dá dtagraítear i mír 6;

(b) 

modheolaíocht chun an t-ioncam a chomhroinnt dá dtagraítear i mír 9;

(c) 

comhrialacha chun na seiceálacha ar infhaighteacht a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 10;

(d) 

comhrialacha chun an uair a mbeidh íocaíocht neamh-infhaighteachta dlite a chinneadh;

(e) 

téarmaí d'fheidhmiú an chláir dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10;

(f) 

comhrialacha maidir le hacmhainneacht atá incháilithe chun a bheidh rannpháirteach sa sásra achmainneachta a shainaithint, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10.

Beidh an togra faoi réir comhairliúchán agus an formheas roimh ré ag ACER i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 26 12.
Fíoróidh na húdaráis rialála lena mbaineann an ndearnadh na hacmhainneachtaí a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11.
Airteagal 26 13.
Áiritheoidh údaráis rialála go ndéanfar rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta a eagrú ar mhodh éifeachtach neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh siad foráil go háirithe maidir le socruithe leormhaitheasa riaracháin don fhorfheidhmiú ar íocaíochtaí neamh-infhaighteachta thar theorainneacha.
Airteagal 26 14.
Beidh na hacmhainneachtaí leithdháilte i gcomhreir le mír 8 inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe. Tabharfaidh soláthraithe acmhainneachta incháilithe fógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10 faoi aon aistriú don chlár.
Airteagal 26 15.
Faoin 5 Iúil 2021, déanfaidh ENTSO don Leictreachas an clár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10 a chur ar bun agus a oibriú. Beidh an clár oscailte do gach soláthraí acmhainneachta incháilithe, do na córais ina gcuirtear na sásraí acmhainneachta i bhfeidhm agus dá n-oibreoirí córas tarchurtha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.