+Airteagal 35 Bunú agus misean na lárionad comhordúcháin réigiúnach
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.

Airteagal 35 Bunú agus misean na lárionad comhordúcháin réigiúnach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Faoin 5 Iúil 2020, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha réigiúin oibríochta córais togra a thíolacadh do na húdaráis rialála faoi seach maidir le bunú na lárionad comhordúcháin réigiúnach do na húdaráis rialála lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Déanfaidh údaráis rialála an réigiúin oibríochta córais athbhreithniú ar an togra agus déanfaidh siad é a fhormheas.

Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, sa togra:

(a) 

an Ballstát ina mbeidh suíomh ionchasach na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus oibreoirí córais dáiliúcháin rannpháirteacha;

(b) 

na socruithe eagraíochtúla, airgeadais agus oibríochtúla atá riachtanach chun oibriú éifeachtúil, slán agus iontaofa an chórais tarchurtha idirnasctha a áirithiú;

(c) 

plean cur chun feidhme maidir le teacht i ngníomh na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(d) 

reachtanna agus rialacha nós imeachta na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(e) 

tuairisc ar phróisis chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 38;

(f) 

tuairisc ar na socruithe a bhaineann le dliteanas na lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 47;

(g) 

i gcás ina ndéantar dhá lárionad comhordúcháin réigiúnach a a choinneáil ar bhonn uainíochta, i gcomhréir le hAirteagal 36(2), tuairisc ar na socruithe maidir le freagrachtaí do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha sin agus nósanna imeachta soiléire a sholáthar i ndáil le forghníomhú a gcúraimí.

Airteagal 35 2.
Tar éis d'údaráis rialála náisiúnta an togra i mír 1 a fhormheas, cuirfear na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha in ionad comhordaitheoirí slándála réigiúnacha arna mbunú de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh.714/2009 agus tiocfaidh siad i ngníomh faoin 1 Iúil 2022.
Airteagal 35 3.
Beidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eagraithe i bhfoirm dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).
Airteagal 35 4.
Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi dhlí an Aontais, gníomhóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar leasanna náisiúnta aonair agus go neamhspleách ar leasanna na n-oibreoirí córas tarchurtha.
Airteagal 35 5.
Beidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ina gcomhlánú ar ról na n-oibreoirí córas tarchurtha mar go ndéanfaidh siad cúraimí a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo agus a shanntar dóibh i gcomhréir le hAirteagal 37. Beidh oibreoirí córas tarchurtha freagrach as sreafaí leictreachais a bhainistiú agus áiritheoidh siad córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 40(1) de Threoir (AE) 2019/944.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.