+Airteagal 46 Faireachán agus tuairisciú
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.

Airteagal 46 Faireachán agus tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1.

Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha nós imeachta chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

a bhfeidhmíocht oibríochtúil féin;

(b) 

na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí comhordaithe a eisíodh, a mhéid a rinne na hoibreoirí córas tarchurtha na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí comhordaithe a chur chun feidhme agus an toradh a bhí air;

(c) 

éifeachtacht agus éifeachtúlacht gach ceann de na cúraimí a bhfuil siad freagrach astu agus i gcás inarb infheidhme, uainíocht na gcúraimí.

Airteagal 46 2.
Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid costas ar mhodh trédhearcach agus cuirfidh siad tuairisc ina leith faoi bhráid na Gníomhaireachta agus faoi bhráid údaráis rialála i réigiún oibríochta córas.
Airteagal 46 3.
Déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha tuarascáil bhliantúil ar an tórthadh ar an bhfaireacháin ábhartha dá dtagraítear i mír 1 seo agus faisnéis a bhaineann lena bhfeidhmíocht a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ACER, údaráis rialála i réigiún oibríochta córas agus an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais.
Airteagal 46 4.
Cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha gach easnamh a shainaithneofar sa nós imeachta faireacháin dá dtagraítear i mír 1 in iúl do ENTSO don Leictreachas, do na húdaráis rialála sa réigiún oibríochta córas, do ACER, agus d'údaráis inniúla eile na mBallstát atá freagrach as géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh údaráis rialála an réigiúin oibríochta córas bearta a mholadh do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh.
Airteagal 46 5.
Gan dochar do rúndacht agus don ghá atá ann na tuarascálacha slándála agus íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint, déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a phoibliú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.