|
+Airteagal 59 1. |
Airteagal 59 1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:
(a)
rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin, lena n-áirítear rialacha i dtaca le hacmhainneacht chúltaca tarchurtha theicniúil do shlándáil oibríochtúil an ghréasáin chomh maith le rialacha idir-inoibritheachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 34 go 47 agus Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear staideanna córais, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus teorainneacha slándála oibríochtúla, rialú voltais agus bainistiú cumhachta freasaithí, bainistiú srutha ghearrchiorcaid, bainistiú ar shreafaí cumhachta, anailís teagmhais agus láimhseáil teagmhais, trealamh cosanta agus scéimeanna cosanta, malartú sonraí, comhlíonadh, oiliúint, pleanáil oibríochtúil agus anailís slándála, comhordú réigiúnach slándála oibríochtúla, comhordú ar éaradh, pleananna infhaighteachta na sócmhainní ábhartha, anailís ar leormhaitheas, seirbhísí coimhdeacha, sceidealú, agus timpeallachtaí sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil;
(b)
rialacha maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú de bhun Airteagail 7 go 10, 13 go 17, 19 agus 35 go 37 den Rialachán seo agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialacha maidir le modheolaíochtaí agus próisis maidir le ríomh acmhainneachta lá roimh ré, acmhainneachta ionlae agus todhchaíochta acmhainneachta, samhlacha eangaí, cumraíocht na gcriosanna tairisceana, athsheoladh agus fritrádáil, algartaim trádála, cúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae, roghanna rialachais éagsúla, daingne acmhainneachta traschreasaí leithdháilte, dáileadh ioncam ó phlódú, sonraí agus gnéithe sonracha na n-uirlisí dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo faoi threoir na n-eilimintí a shonraítear i míreanna (4) agus (5) de, leithdháileadh agus éascú trádála ceart tarchurtha fadtéarmach airgeadais arna dhéanamh ag an ardán aonair um leithdháileadh, chomh maith le minicíocht, aibíocht agus cineál sonrach na gceart tarchurtha fadtéarmach sin, fálú riosca tarchurtha traschreasach, nósanna imeachta ainmniúcháin, agus leithdháileadh acmhainneachta agus athghabháil na gcostas atá ar acmhainneacht a leithdháileadh agus ar an bplódú a bhainistiú, agus modheolaíocht chun oibreoirí gléasraí leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta a chúiteamh as laghduithe acmhainneachta;
(c)
rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 5, 6 agus 17, lena n-áirítear rialacha i ndáil le feidhmeanna agus freagrachtaí, na hardáin chun fuinneamh don chothromú a mhalartú, amanna dúnta an gheata, ceanglais maidir le táirgí caighdeánacha agus sonracha, soláthar na seirbhísí don chothromú, acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh do mhalartú na seirbhísí don chothromú nó do chomhroinnt na gcúltacaí, fuinneamh don chothromú a shocrú, malartuithe fuinnimh idir na hoibreoirí córais a shocrú, réiteach míchothromaíochtaí agus acmhainneacht don chothromú a shocrú, rialú lódmhinícíochta, na paraiméadair lena sainítear cáilíocht na minicíochta agus spriocpharaiméadair cháilíocht na minicíochta, cúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta, cúltacaí athchuir, malartú agus comhroinnt na gcúltacaí, próisis gníomhachtaithe trasteorann na gcúltacaí, próisis rialaithe ama agus trédhearcacht na faisnéise;
(d)
rialacha maidir le foráil neamh-idirdhealaitheach thrédhearcach a dhéanamh do sheirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 36, Airteagal 40 agus Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialú voltais foistine, táimhe, instealladh srutha frithghníomhacha tapa, táimhe do chobhsaíocht na n-eangaí, srutha gearrchiorcaid, acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta aonraithe;
(e)
rialacha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagail 17, 31, 32, 36, 40 agus 54 de Threoir (AE) 2019/944 i ndáil le freagairt don éileamh, lena n-áirítear rialacha maidir le comhbhailiú, stóráil fuinnimh, agus ciorrú éilimh. Déanfar na treoirlínte sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|