+Airteagal 59 Cóid ghréasáin a bhunú
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.
---+Airteagal 59 6.
---+Airteagal 59 7.
---+Airteagal 59 8.
---+Airteagal 59 9.
---+Airteagal 59 10.
---+Airteagal 59 11.
---+Airteagal 59 12.
---+Airteagal 59 13.
---+Airteagal 59 14.
---+Airteagal 59 15.

Airteagal 59 Cóid ghréasáin a bhunú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 1.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:

(a) 

rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin, lena n-áirítear rialacha i dtaca le hacmhainneacht chúltaca tarchurtha theicniúil do shlándáil oibríochtúil an ghréasáin chomh maith le rialacha idir-inoibritheachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 34 go 47 agus Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear staideanna córais, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus teorainneacha slándála oibríochtúla, rialú voltais agus bainistiú cumhachta freasaithí, bainistiú srutha ghearrchiorcaid, bainistiú ar shreafaí cumhachta, anailís teagmhais agus láimhseáil teagmhais, trealamh cosanta agus scéimeanna cosanta, malartú sonraí, comhlíonadh, oiliúint, pleanáil oibríochtúil agus anailís slándála, comhordú réigiúnach slándála oibríochtúla, comhordú ar éaradh, pleananna infhaighteachta na sócmhainní ábhartha, anailís ar leormhaitheas, seirbhísí coimhdeacha, sceidealú, agus timpeallachtaí sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil;

▼M2

(b) 

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú de bhun Airteagail 7 go 10, 13 go 17, 19 agus 35 go 37 den Rialachán seo agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialacha maidir le modheolaíochtaí agus próisis maidir le ríomh acmhainneachta lá roimh ré, acmhainneachta ionlae agus todhchaíochta acmhainneachta, samhlacha eangaí, cumraíocht na gcriosanna tairisceana, athsheoladh agus fritrádáil, algartaim trádála, cúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae, roghanna rialachais éagsúla, daingne acmhainneachta traschreasaí leithdháilte, dáileadh ioncam ó phlódú, sonraí agus gnéithe sonracha na n-uirlisí dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo faoi threoir na n-eilimintí a shonraítear i míreanna (4) agus (5) de, leithdháileadh agus éascú trádála ceart tarchurtha fadtéarmach airgeadais arna dhéanamh ag an ardán aonair um leithdháileadh, chomh maith le minicíocht, aibíocht agus cineál sonrach na gceart tarchurtha fadtéarmach sin, fálú riosca tarchurtha traschreasach, nósanna imeachta ainmniúcháin, agus leithdháileadh acmhainneachta agus athghabháil na gcostas atá ar acmhainneacht a leithdháileadh agus ar an bplódú a bhainistiú, agus modheolaíocht chun oibreoirí gléasraí leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta a chúiteamh as laghduithe acmhainneachta;

▼B

(c) 

rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 5, 6 agus 17, lena n-áirítear rialacha i ndáil le feidhmeanna agus freagrachtaí, na hardáin chun fuinneamh don chothromú a mhalartú, amanna dúnta an gheata, ceanglais maidir le táirgí caighdeánacha agus sonracha, soláthar na seirbhísí don chothromú, acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh do mhalartú na seirbhísí don chothromú nó do chomhroinnt na gcúltacaí, fuinneamh don chothromú a shocrú, malartuithe fuinnimh idir na hoibreoirí córais a shocrú, réiteach míchothromaíochtaí agus acmhainneacht don chothromú a shocrú, rialú lódmhinícíochta, na paraiméadair lena sainítear cáilíocht na minicíochta agus spriocpharaiméadair cháilíocht na minicíochta, cúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta, cúltacaí athchuir, malartú agus comhroinnt na gcúltacaí, próisis gníomhachtaithe trasteorann na gcúltacaí, próisis rialaithe ama agus trédhearcacht na faisnéise;

(d) 

rialacha maidir le foráil neamh-idirdhealaitheach thrédhearcach a dhéanamh do sheirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 36, Airteagal 40 agus Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialú voltais foistine, táimhe, instealladh srutha frithghníomhacha tapa, táimhe do chobhsaíocht na n-eangaí, srutha gearrchiorcaid, acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta aonraithe;

(e) 

rialacha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagail 17, 31, 32, 36, 40 agus 54 de Threoir (AE) 2019/944 i ndáil le freagairt don éileamh, lena n-áirítear rialacha maidir le comhbhailiú, stóráil fuinnimh, agus ciorrú éilimh.

Déanfar na treoirlínte sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

Airteagal 59 2.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 maidir le cóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:

▼M2

(a) 

rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán lena n-áirítear rialacha maidir le nascadh saoráidí éilimh atá tarchur-nasctha, saoráidí dáileacháin agus córais dáileacháin atá tarchur-nasctha, nascadh aonad éilimh a mbaintear úsáid astu chun freagairt don éileamh a sholáthar, ceanglais chun gineadóirí a nascadh leis an eangach agus le húsáideoirí córais eile, ceanglais maidir le sruth díreach ardvoltais a nascadh leis an eangach, ceanglais maidir le modúil páirce cumhachta arna gceangal le sruth díreach agus cianstáisiúin tiontaire srutha dhírigh ardvoltais, agus nósanna imeachta oibríochtúla um fhógra a thabhairt maidir le nascadh leis an eangach;

▼B

(b) 

malartú sonraí, rialacha maidir le socrú agus trédhearcacht lena n-áirítear go háirithe rialacha maidir le hacmhainneachtaí aistrithe le haghaidh tréimhsí ama ábhartha, meastacháin agus luachanna iarbhír maidir le leithdháileadh agus úsáid na n-acmhainneachtaí aistrithe, réamhaisnéis agus éileamh iarbhír maidir le saoráidí agus comhbhailiú de lena n-áirítear gan fáil a bheith ar shaoráidí, réamhaisnéis agus giniúint iarbhír na n-aonad giniúna agus comhbhailiú de lena n-áirítear gan fáil a bheith ar aonaid, infhaighteacht agus úsáid na ngréasán, bearta um bainistiú ar phlódú agus sonraí margaidh a chothromú. Ba cheart bealaí ina bhfoilsítear an fhaisnéis, tráthúlacht an fhoilsithe, na heintitis atá freagrach as láimhseáil na faisnéise a bheith san áireamh sna rialacha;

(c) 

rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;

(d) 

nósanna imeachta oibríochtúla éigeandála agus athbhunaithe i gcás éigeandála lena n-áirítear na pleananna cosanta córais, na pleananna don athbhunú, idirghníomhaíochtaí an mhargaidh, malartú faisnéise agus cumarsáid agus uirlisí agus saoráidí;

(e) 

rialacha earnáil-sonracha maidir le gnéithe cibearshlándála na sreafaí leictreachais trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.

Airteagal 59 3.
Tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Leictreachas, le heintiteas AE do OCDanna agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta gach 3 bliana, lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.

I gcás ina mbíonn baint dhíreach ag ábhar an chóid gréasáin le hoibriú an chórais dáileacháin agus nach mbíonn príomh-bhaint aige leis an gcóras tarchurtha, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, coiste dréachtaithe a thionól agus togra maidir le cód gréasáin a chur faoi bhráid ACER.

Airteagal 59 4.
Iarrfaidh an Coimisiún ar ACER creat-treoirlíne neamhcheangailteach (creat-treoirlíne) a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 6 mhí, ar treoirlíne í lena leagfar amach prionsabail a bheidh oibiachtúil agus soiléir maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta (chreat-treoirlíne). Féadfar dálaí a chuimsiú san iarraidh sin ón gCoimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sa chreat-treoirlíne. Rannchuideoidh gach creat-treoirlíne le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ó ACER, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse maidir le treoirlínte a chur isteach a fhadú.
Airteagal 59 5.
Rachaidh ACER i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas, le heintiteas AE do OCDanna, agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, le linn tréimhse nach giorra ná 2 mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.
Airteagal 59 6.
Déanfaidh ACER creat-treoirlíne neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi mhír 4.
Airteagal 59 7.
Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an chreat-treoirlíne le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach ná le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin athuair.
Airteagal 59 8.
Má mhainníonn ACER creat-treoirlíne a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 4 nó faoi mhír 7, déanfaidh an Coimisiún an chreat-treoirlíne neamhcheangailteach i dtrácht a fhorbairt.
Airteagal 59 9.
Iarrfaidh an Coimisiún ar ENTSO don Leictreachas nó, i gcás ina gcinnfear sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, ar eintiteas AE do OCDanna i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, togra maidir le cód gréasáin i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha a chur faoi bhráid ACER laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí ón lá a bhfaighfear iarraidh an Choimisiún.
Airteagal 59 10.
Tionólfaidh ENTSO don Leictreachas, nó, i gcás ina gcinnfear sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, coiste dréachtaithe a thacóidh leis i bpróiseas forbartha na gcód gréasáin. Ar an gcoiste dréachtaithe sin, beidh ionadaithe ó ACER, ó ENTSO don Leictreachas, i gcás inarb iomchuí ó eintiteas AE do OCDanna, agus OAMLanna mar aon le líon teoranta de na geallsealbhóirí sin is mó lena mbaineann. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas suas nó, i gcás dá bhforáiltear sa liosta tosaíochta de bhun mhír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas moltaí a tharraingt suas maidir le cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 9.
Airteagal 59 11.
Déanfaidh ACER athbhreithniú ar an gcód gréasáin molta d'fhonn a áirithiú go gcomhlaíonnann an cód gréasáin atá le glacadh leis an gcreat-treoirlíne ábhartha agus ina rannchuidiú le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí leagan athbhreithnithe den chód gréasáin don Choimisiún laistigh de 6 mhí ón lá a bhfaighfear an togra. Sa togra a chuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a fuarthas ó gach páirtí agus an togra á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.
Airteagal 59 12.
I gcás ENTSO don Leictreachas nó eintiteas AE do OCDanna a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den tréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún faoi mhír 9, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na creat-treoirlíne ábhartha. Féadfaidh ACER dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin le linn dréachtchód gréasáin a ullmhú faoin mír seo. Déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin, arna ullmhú faoin mír seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.
Airteagal 59 13.
Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcás ENTSO don Leictreachas nó an eintiteas AE do OCDanna a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt, nó i gcás ACER a bheith tar éis mainneachtain dréachtchód gréasáin a fhorbairt dá dtagraítear i mír 12, nó ar bhonn togra ó ACER faoi mhír 11, cód gréasáin amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear i míreanna 1 agus 2.
Airteagal 59 14.
I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin le linn tréimhse nach giorra ná 2 mhí.
Airteagal 59 15.
Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na treoirlínte a ghlacadh agus a leasú de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 61. Beidh sé gan dochar don fhéidearthacht atá ag ENTSO don Leictreachas treoraíocht neamhcheangailteach a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 sa chás nach mbaineann treoraíocht den chineál sin le réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a chuirfear chuig ENTSO don Leictreachas ón gCoimisiún. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas aon treoraíocht den chineál sin faoi bhráid ACER ionas go dtabharfaidh sí tuairim ina leith agus tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.