+Airteagal 61 Treoirlínte
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
---+Airteagal 61 4.
---+Airteagal 61 5.
---+Airteagal 61 6.
|
Airteagal 61 Treoirlínte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 61 1.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte ceangailteacha a ghlacadh sna réimsí a liostaítear san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 61 2.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún, ag brath ar an gcumhachtú faoi seach, treoirlínte a glacadh mar ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme sna réimsí sin ina bhféadfaí gníomhartha dá leithéidí a fhorbairt freisin de réir nós imeachta na gcód gréasáin de bhun Airteagal 59(1) agus (2). Glacfar na treoirlínte sin i bhfoirm gníomhartha tairmlighte agus gníomhartha cur chun feidhme, ag brath ar an gcumhacht ábhartha arna bhforáiltear sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 61 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha. Leis na treoirlínte sin. sonrófar, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 18 agus 49:
(a)
mionsonraí an nós imeachta lena gcinntear cé acu d'oibreoirí na gcóras tarchurtha atá faoi dhliteanas cúiteamh a íoc as sreabha trasteorann, lena n-áirítear an deighilt idir oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin, i gcomhréir le hAirteagal 49(2);
(b)
mionsonraí an nós imeachta íocaíochta a bheidh le leanúint, lena n-áirítear an chéad tréimhse a n-íocfar cúiteamh ina leith a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 49(3);
(c)
mionsonraí na modheolaíochtaí lena gcinnfear na sreabha trasteorann a óstáiltear agus a n-íocfar cúiteamh ina leith faoi Airteagal 49, ó thaobh chainníocht agus chineál na sreabh, agus lena gcinnfear ainmniú méideanna na sreabh sin mar shreabha a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i gcórais tarchurtha Ballstát aonair, i gcomhréir le hAirteagal 49(5);
(d)
mionsonraí na modheolaíochta lena gcinnfear na costais agus na sochair a thabhaítear mar thoradh ar shreabha trasteorann a óstáil, i gcomhréir le hAirteagal 49(6);
(e)
mionsonraí na cóireála ar shreabha leictreachais a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus é sin i gcomhthéacs an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha; agus
(f)
socruithe maidir le rannpháirtíocht na gcóras náisiúnta atá idirnasctha trí línte srutha dhírigh, i gcomhréir le hAirteagal 49.
|
|
Airteagal 61 4.
|
I gcás inarb iomchuí, is féidir an méid seo a leanas freisin a shonrú sna treoirlínte lena soláthraítear an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a ghnóthú. Féadfaidh na treoirlínte sin:
(a)
mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le trádáil leictreachais lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 5 go hAirteagal 10, Airteagal 13 go hAirteagal 17, Airteagal 35, Airteagal 36 agus Airteagal 37 den Rialachán seo;
(b)
mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le dreasacht infheistíochta d'acmhainn idirnascairí, lena n-áirítear comharthaí suímh lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 19.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
|
|
Airteagal 61 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gcomhordú oibríochtúil a chur chun feidhme idir na hoibreoirí córais tarchurtha ar leibhéal an Aontais. Beidh na treoirlínte sin comhsheasmhach leis na cóid ghréasáin agus cuirfidh na treoirlínte sin leis na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 59 agus cuirfidh na treoirlínte sin leis na sonraíochtaí arna nglacadh dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 30(1). Le linn don Choimisiún na treoirlínte sin a ghlacadh, déanfaidh sé ceanglais oibríochtúla réigiúnacha agus náisiúnta éagsúla a chur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
|
|
Airteagal 61 6.
|
Le linn treoirlínte a ghlacadh nó á leasú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Leictreachas, le heintiteas AE do OCDanna agus, i gcás inarb ábhartha, leis na geallsealbhóirí eile,.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|