+Airteagal 61 3.

Airteagal 61 3.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha. Leis na treoirlínte sin. sonrófar, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 18 agus 49:

(a) 

mionsonraí an nós imeachta lena gcinntear cé acu d'oibreoirí na gcóras tarchurtha atá faoi dhliteanas cúiteamh a íoc as sreabha trasteorann, lena n-áirítear an deighilt idir oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin, i gcomhréir le hAirteagal 49(2);

(b) 

mionsonraí an nós imeachta íocaíochta a bheidh le leanúint, lena n-áirítear an chéad tréimhse a n-íocfar cúiteamh ina leith a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 49(3);

(c) 

mionsonraí na modheolaíochtaí lena gcinnfear na sreabha trasteorann a óstáiltear agus a n-íocfar cúiteamh ina leith faoi Airteagal 49, ó thaobh chainníocht agus chineál na sreabh, agus lena gcinnfear ainmniú méideanna na sreabh sin mar shreabha a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i gcórais tarchurtha Ballstát aonair, i gcomhréir le hAirteagal 49(5);

(d) 

mionsonraí na modheolaíochta lena gcinnfear na costais agus na sochair a thabhaítear mar thoradh ar shreabha trasteorann a óstáil, i gcomhréir le hAirteagal 49(6);

(e) 

mionsonraí na cóireála ar shreabha leictreachais a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus é sin i gcomhthéacs an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha; agus

(f) 

socruithe maidir le rannpháirtíocht na gcóras náisiúnta atá idirnasctha trí línte srutha dhírigh, i gcomhréir le hAirteagal 49.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.