|
+Airteagal 63 7. |
Airteagal 63 7.Déanfaidh na húdaráis rialála cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur gan mhoill mar eolas chuig ACER agus chuig an gCoimisiún ar an iarraidh sin a fháil dóibh. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann, nó ACER (na comhlachtaí a thugann fógra), fógra faoin gcinneadh a thabhairt don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún teacht ar chinneadh a mbeidh bonn maith faoi. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san fhaisnéis sin:
(a)
na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a deonaíodh nó a diúltaíodh an díolúine, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena gcosnaítear an gá atá leis an díolúine;
(b)
an anailís a rinneadh ar an éifeacht a bheidh ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas, mar thoradh ar dheonú na díolúine;
(c)
na cúiseanna atá leis an tréimhse ama agus an sciar d'acmhainneacht iomlán an idirnascaire i dtrácht agus a bhfuil an díolúine á deonú ina leith; agus
(d)
toradh an chomhairliúcháin a rinneadh leis na húdaráis rialála lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|