+Airteagal 63 Idirnascairí nua
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.
---+Airteagal 63 5.
---+Airteagal 63 6.
---+Airteagal 63 7.
---+Airteagal 63 8.
---+Airteagal 63 9.
---+Airteagal 63 10.
---+Airteagal 63 11.

Airteagal 63 Idirnascairí nua

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 63 1.

Féadfar idirnascairí nua srutha dhírigh a dhíolmhú go ceann tréimhse teoranta, arna iarraidh sin, ó fhorálacha Airteagal 19(2) agus (3) den Rialachán seo agus ó Airteagail 6 agus 43, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 ar an gcoinníoll go comhlaíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní mór go bhfeabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht i soláthar an leictreachais;

(b) 

tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfar an infheistíocht mura dtugtar díolúine;

(c) 

ní mór an t-idirnascaire a bheith faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nach ionann, ó thaobh a fhoirm dlí de ar a laghad, agus na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an t-idirnascaire sin;

(d) 

gearrfar muirir ar úsáideoirí an idirnascaire sin;

(e) 

ón tráth a tharla oscailt pháirteach an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), ní dhearnadh aon chuid de chostais chaipitiúla ná de chostais oibriúcháin an idirnascaire a ghnóthú ó aon chuid de na muirir a gearradh as úsáid na gcóras tarchurtha nó dáileacháin a nasctar le chéile leis an idirnascaire; agus

(f) 

ní chun aimhleas na hiomaíochta ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas atá an díolúine, ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtúil an chórais atá á rialáil agus a bhfuil an t-idirnascaire nasctha leis.

Airteagal 63 2.
Beidh feidhm freisin ag mír 1, i gcásanna eisceachtúla, maidir le hidirnascairí srutha ailtéarnaigh ar choinníoll go mbeidh na costais agus na rioscaí a ghabhann leis an infheistíocht sách ard i gcomparáid leis na costais agus na rioscaí a thabhaítear de ghnáth nuair a dhéantar dhá chóras tarchurtha náisiúnta chomharsanacha a nascadh.
Airteagal 63 3.
Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le méaduithe suntasacha acmhainneachta in idirnascairí atá ann cheana féin.
Airteagal 63 4.
Glacfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann an cinneadh maidir leis an díolúine a dheonú, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, ar bhonn cás ar chás. Féadfar acmhainn iomlán nó cuid d'acmhainneacht an idirnascaire nua, nó acmhainneacht iomlán nó cuid d'acmhainneacht an idirnascaire atá ann cheana féin ach a bhfuil méadú suntasach curtha ar a acmhainneacht, a chumhdach le díolúine.

Laistigh de 2 mhí tar éis an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála lena mbaineann an iarraidh ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ACER tuairim a chur faoi bhráid na n-údaráis rialála sin. Féadfaidh na húdaráis rialála a gcinneadh a bhunú ar an tuairim sin.

Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an idirnascaire. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainneacht bhreise a bheidh le forbairt nó an modhnú a bheidh le déanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana, creat ama an tionscadail agus na himthosca náisiúnta.

Sula ndeonóidh siad díolúine, déanfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann cinneadh faoi na rialacha agus faoi na sásraí a bheidh ann chun an acmhainneacht a bhainistiú agus a leithdháileadh. Áireofar leis na rialacha um bainistiú ar phlódú sin go mbeidh oibleagáid ann maidir le haon acmhainneacht neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh agus go mbeidh úsáideoirí i dteideal a n-acmhainneachtaí conarthacha a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh ar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (f) de mhír 1, cuirfear san áireamh torthaí an nós imeachta um leithdháileadh acmhainneachta.

I gcás ina dtagann na húdaráis rialála go léir lena mbaineann ar chomhaontú, laistigh de 6 mhí tar éis an iarraidh a fháil, faoin gcinneadh i dtaobh na díolúine, cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do ACER.

Maidir leis an gcinneadh i dtaobh na díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa triú fomhír den mhír seo, beidh sé cuí-réasúnaithe agus foilseofar é.

Airteagal 63 5.

Glacfaidh ACER an cinneadh dá dtagraítear i mír 4:

(a) 

i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí ón dáta ar iarradh an díolúine os comhair an údaráis dheireanaigh de na húdaráis rialála sin; nó

(b) 

arna iarraidh sin go comhpháirteach ó na húdaráis rialála lena mbaineann.

Sula ndéanfaidh ACER cinneadh den sórt sin, rachaidh sí i gcomhairle leis na húdaráis rialála lena mbaineann agus leis na hiarratasóirí.

Airteagal 63 6.
D'ainneoin mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfidh an t-údarás rialála nó go gcuirfidh ACER, de réir mar a bheidh, a thuairim nó a tuairim maidir leis an iarraidh ar dhíolúine faoi bhráid an chomhlachta ábhartha sa Bhallstát, le cinneadh foirmiúil a fháil ina taobh. Foilseofar an tuairim sin in éineacht leis an gcinneadh.
Airteagal 63 7.

Déanfaidh na húdaráis rialála cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur gan mhoill mar eolas chuig ACER agus chuig an gCoimisiún ar an iarraidh sin a fháil dóibh. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann, nó ACER (na comhlachtaí a thugann fógra), fógra faoin gcinneadh a thabhairt don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún teacht ar chinneadh a mbeidh bonn maith faoi. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san fhaisnéis sin:

(a) 

na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a deonaíodh nó a diúltaíodh an díolúine, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena gcosnaítear an gá atá leis an díolúine;

(b) 

an anailís a rinneadh ar an éifeacht a bheidh ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas, mar thoradh ar dheonú na díolúine;

(c) 

na cúiseanna atá leis an tréimhse ama agus an sciar d'acmhainneacht iomlán an idirnascaire i dtrácht agus a bhfuil an díolúine á deonú ina leith; agus

(d) 

toradh an chomhairliúcháin a rinneadh leis na húdaráis rialála lena mbaineann.

Airteagal 63 8.
Laistigh de 50 lá oibre ón lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra faoi mhír 7, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh lena n-iarrfar ar na comhlachtaí a thugann fógra leasú a dhéanamh ar an gcinneadh chun díolúine a dheonú, nó an cinneadh sin a tharraingt siar. Féadfar an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 50 lá oibre i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an gCoimisiún. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fhaisnéis iomlán. Féadfar an tréimhse tosaigh a fhadú freisin le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon.

Más rud é nach soláthrófar an fhaisnéis a iarradh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go bhfuil an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dheireadh na tréimshe sin, go bhfadaítear an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon nó go gcuireann na comhlachtaí a thugann fógra in iúl don Choimisiún, i ráiteas cuí-réasúnaithe, go measann siad go bhfuil an fógra iomlán.

Na comhlachtaí a thugann fógra, comhlíonfaidh siad cinneadh ón gCoimisiúin chun an cinneadh i dtaobh díolúine a leasú nó a tharraingt siar laistigh de mhí amháin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise tráchtála íogaire.

Rachaidh formheas an Choimisiúin maidir le cinneadh i dtaobh díolúine in éag 2 bhliain tar éis an dáta ar glacadh é, i gcás nach mbeidh an obair thógála ar an idirnascaire tosaithe faoin dáta sin agus 5 bliana tar éis an dáta ar glacadh é mura mbeidh an t_idirnascaire ag feidhmiú faoin dáta sin, mura rud é go gcinneann an Coimisiún, ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe de chuid na gcomhlachtaí a thugann fógra, gurb ann d'aon mhoill mar gheall ar chonstaicí nach raibh aon neart ag an duine ar deonaíodh an díolúine dó orthu.

Airteagal 63 9.
I gcás ina gcinneann údaráis rialála an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh díolúine a mhodhnú, tabharfaidh siad fógra faoina gcinneadh sin don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 8 i dtaca leis an gcinneadh cinneadh díolúine a mhodhnú, agus sainghnéithe na díolúine reatha á gcur san áireamh.
Airteagal 63 10.

Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a bhaineann leis hiarraidh ar dhíolúine a atosú:

(a) 

i gcás, agus aird chuí á tabhairt ar ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe agus ar an gcothroime eacnamaíoch a baineadh amach sa chéad chinneadh díolúine, inar tharla athrú ábharach do cheann ar bith de na fíricí ar a bunaíodh an cinneadh;

(b) 

i gcás ina ngníomhaíonn na gnóthais lena mbaineann ar bhealach atá contrártha dá gcuid gealltanas; nó

(c) 

i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis a chuir na páirtithe ar fáil a bhí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

Airteagal 63 11.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus chun an nós imeachta a leagan amach a bheidh le leanúint d'fhonn míreanna 4 agus 7 go 10 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.