|
+Airteagal 63 8. |
Airteagal 63 8.Laistigh de 50 lá oibre ón lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra faoi mhír 7, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh lena n-iarrfar ar na comhlachtaí a thugann fógra leasú a dhéanamh ar an gcinneadh chun díolúine a dheonú, nó an cinneadh sin a tharraingt siar. Féadfar an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 50 lá oibre i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an gCoimisiún. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fhaisnéis iomlán. Féadfar an tréimhse tosaigh a fhadú freisin le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon. Más rud é nach soláthrófar an fhaisnéis a iarradh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go bhfuil an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dheireadh na tréimshe sin, go bhfadaítear an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon nó go gcuireann na comhlachtaí a thugann fógra in iúl don Choimisiún, i ráiteas cuí-réasúnaithe, go measann siad go bhfuil an fógra iomlán. Na comhlachtaí a thugann fógra, comhlíonfaidh siad cinneadh ón gCoimisiúin chun an cinneadh i dtaobh díolúine a leasú nó a tharraingt siar laistigh de mhí amháin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise tráchtála íogaire. Rachaidh formheas an Choimisiúin maidir le cinneadh i dtaobh díolúine in éag 2 bhliain tar éis an dáta ar glacadh é, i gcás nach mbeidh an obair thógála ar an idirnascaire tosaithe faoin dáta sin agus 5 bliana tar éis an dáta ar glacadh é mura mbeidh an t_idirnascaire ag feidhmiú faoin dáta sin, mura rud é go gcinneann an Coimisiún, ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe de chuid na gcomhlachtaí a thugann fógra, gurb ann d'aon mhoill mar gheall ar chonstaicí nach raibh aon neart ag an duine ar deonaíodh an díolúine dó orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|