+Airteagal 65 Faisnéis a sholáthar agus rúndacht
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
---+Airteagal 65 4.
---+Airteagal 65 5.
---+Airteagal 65 6.

Airteagal 65 Faisnéis a sholáthar agus rúndacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 65 1.
Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála an fhaisnéis go léir is gá chun críocha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó.

Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun faisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an bhfaisnéis sin á gcur san áireamh.

Airteagal 65 2.
Más rud é nach soláthraíonn an Ballstát nó an t-údarás rialála lena mbaineann an fhaisnéis sin laistigh den teorainn ama a shocraítear dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá chun críche an Rialacháin seo a chur chun feidhme a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann.

Agus iarraidh ar fhaisnéis á seoladh aige chuig gnóthas, seolfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh, an tráth céanna, chuig údarás rialála an Bhallstáit a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

Airteagal 65 3.
Ina iarraidh ar fhaisnéis faoi mhír 1, luafaidh an Coimisiún bunús dlí na hiarrata sin, an teorainn ama ar laistigh di is gá an fhaisnéis a sholáthar, cuspóir na hiarrata, agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66(2) i gcás ina ndéantar faisnéis a sholáthar atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach.
Airteagal 65 4.
Déanfaidh úinéirí na ngnóthas nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, na daoine nadúrtha a bhfuil údarú acu a bheith ina n-ionadaithe do na gnóthais faoin dlí nó faoina n-ionstraim chorpraithe, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. I gcás ina ndéanfaidh dlíodóirí atá údaraithe go cuí chun gníomhú amhlaidh an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a chliant, beidh freagracht iomlán fós ar an gcliant i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
Airteagal 65 5.
I gcás nach soláthraíonn gnóthas an fhaisnéis a iarrtar laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún nó i gcás ina soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal go soláthrófar an fhaisnéis. Sonrófar, leis an gcinneadh sin, an fhaisnéis atá á hiarraidh agus socrófar teorainn ama iomchuí ar féidir an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Sonrófar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66(2). Sonrófar ann freisin, an ceart chun an cinneadh a chur a chur faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.

Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip dá chinneadh a sheoladh chuig údaráis rialála an Bhallstáit a bhfuil cónaí ar an duine ina chríoch nó a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

Airteagal 65 6.
Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ach amháin chun críocha forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ar faisnéis í de chineál a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla a gheofar de bhun an Rialacháin seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.