+Airteagal 4 Díolúintí ó bhearta rialaithe
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
|
Airteagal 4 Díolúintí ó bhearta rialaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
substaint a úsáidtear le haghaidh taighde ar scála saotharlainne nó mar chaighdeán tagartha;
(b)
substaint a bhíonn ann mar rian-éilleán neamhbheartaithe, mar a shonraítear sna hiontrálacha ábhartha d'Iarscríbhinn I nó II, i substaintí, i meascáin nó in earraí.
|
|
Airteagal 4 2.
|
I gcás na substainte a chuirfear le hIarscríbhinn I nó II tar éis an 15 Iúil 2019, ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 ar feadh tréimhse 6 mhí má tá an tsubstaint ann in earraí arna dtáirgeadh roimh an dáta nó ar an dáta a bheidh an Rialachán seo infheidhme maidir leis an tsubstaint sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 i gcás na substainte atá ann in earraí atá in úsáid cheana roimh an dáta nó ar an dáta a bheidh an Rialachán seo nó Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 infheidhme maidir leis an tsubstaint sin, cibé dáta is túisce. Díreach tar éis a theacht ar an eolas faoi earraí a dtagraítear dóibh sa chéad agus sa dara fomhír, cuirfidh Ballstát an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir sin. Aon uair a chuirfear an Coimisiún ar an eolas amhlaidh nó aon uair a gheobhaidh sé amach ar shlí eile faoi earraí den sórt sin, tabharfaidh sé fógra, más iomchuí, do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin dá réir sin gan a thuilleadh moille.
|
|
Airteagal 4 3.
|
I gcás ina liostaítear substaint i gCuid A d'Iarscríbhinn I nó i gCuid A d'Iarscríbhinn II, tabharfaidh Ballstát ar mian leis a cheadú, go dtí an spriocdháta atá sonraithe san Iarscríbhinn ábhartha, go ndéanfaí an tsubstaint sin a mhonarú agus a úsáid mar shubstaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh, fógra dá réir sin do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin. Ní fhéadfar an fógra sin a thabhairt ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin, go mbeidh nóta mínithe curtha isteach san Iarscríbhinn ábhartha, trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh ar bhonn an cheathrú fomhír;
(b)
go léireoidh an monaróir d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an monaróir bunaithe go gclaochlófar tríd an bpróiseas monaraíochta an tsubstaint i substaint amháin eile nó níos mó nach léir saintréithe POP uirthi, agus á áirithiú go gcoinnítear go docht faoi iamh í ar mhodhanna teicniúla feadh a saolré ina iomláine;
(c)
go léireoidh an monaróir d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an monaróir bunaithe go bhfuil an tsubstaint ina substaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh agus nach bhfuil súil leis go mbeidh daoine nó an comhshaol neamhchosanta ar aon chainníochtaí suntasacha den tsubstaint le linn a táirgthe agus a húsáide;
(d)
go gcuirfidh an monaróir in iúl don Bhallstát sonraí i dtaobh mhonarú agus úsáid iomlán, iarbhír nó measta, na substainte lena mbaineann agus cineál an phróisis córais iata atá teoranta de réir suímh, lena sonrófar méid aon rian-éillithe neamhbheartaithe neamhchlaochlaithe sa tsubstaint, meascán nó earra deiridh ag aon ábhar tosaithe ar POP é.
Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra a chur chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, cuirfidh an Ballstát an fógra in iúl do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht, agus tabharfaidh sé ann sonraí i dtaobh mhonarú agus úsáid iomlán, iarbhír nó measta, na substainte lena mbaineann agus chineál an phróisis córais iata atá teoranta de réir suímh, lena sonrófar méid aon rian-éillithe neamhbheartaithe neamhchlaochlaithe sa tsubstaint, meascán nó earra deiridh ag aon ábhar tosaithe ar POP é. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú trí nótaí mínithe a chur isteach go sainráite á rá go bhféadfar monarú agus úsáid substainte a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn ábhartha mar shubstaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh a cheadú, agus chun na spriocdhátaí i nótaí mínithe den sórt sin a leasú i gcásanna ina ndéanfar, tar éis athfhógra ón mBallstát lena mbaineann chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, toiliú sainráite nó intuigthe faoin gCoinbhinsiún a thabhairt chun leanúint de mhonarú agus úsáid na substainte ar feadh tréimhse eile.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Dramhaíl arb éard í aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ina bhfuil aon substaint díobh sin nó atá éillithe ag aon substaint díobh sin, déantar í a rialáil le hAirteagal 7.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|