|
+Airteagal 4 3. |
Airteagal 4 3.I gcás ina liostaítear substaint i gCuid A d'Iarscríbhinn I nó i gCuid A d'Iarscríbhinn II, tabharfaidh Ballstát ar mian leis a cheadú, go dtí an spriocdháta atá sonraithe san Iarscríbhinn ábhartha, go ndéanfaí an tsubstaint sin a mhonarú agus a úsáid mar shubstaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh, fógra dá réir sin do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin. Ní fhéadfar an fógra sin a thabhairt ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin, go mbeidh nóta mínithe curtha isteach san Iarscríbhinn ábhartha, trí bhíthin gníomh tarmligthe arna ghlacadh ar bhonn an cheathrú fomhír;
(b)
go léireoidh an monaróir d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an monaróir bunaithe go gclaochlófar tríd an bpróiseas monaraíochta an tsubstaint i substaint amháin eile nó níos mó nach léir saintréithe POP uirthi, agus á áirithiú go gcoinnítear go docht faoi iamh í ar mhodhanna teicniúla feadh a saolré ina iomláine;
(c)
go léireoidh an monaróir d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an monaróir bunaithe go bhfuil an tsubstaint ina substaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh agus nach bhfuil súil leis go mbeidh daoine nó an comhshaol neamhchosanta ar aon chainníochtaí suntasacha den tsubstaint le linn a táirgthe agus a húsáide;
(d)
go gcuirfidh an monaróir in iúl don Bhallstát sonraí i dtaobh mhonarú agus úsáid iomlán, iarbhír nó measta, na substainte lena mbaineann agus cineál an phróisis córais iata atá teoranta de réir suímh, lena sonrófar méid aon rian-éillithe neamhbheartaithe neamhchlaochlaithe sa tsubstaint, meascán nó earra deiridh ag aon ábhar tosaithe ar POP é. Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra a chur chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, cuirfidh an Ballstát an fógra in iúl do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht, agus tabharfaidh sé ann sonraí i dtaobh mhonarú agus úsáid iomlán, iarbhír nó measta, na substainte lena mbaineann agus chineál an phróisis córais iata atá teoranta de réir suímh, lena sonrófar méid aon rian-éillithe neamhbheartaithe neamhchlaochlaithe sa tsubstaint, meascán nó earra deiridh ag aon ábhar tosaithe ar POP é. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú trí nótaí mínithe a chur isteach go sainráite á rá go bhféadfar monarú agus úsáid substainte a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn ábhartha mar shubstaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh a cheadú, agus chun na spriocdhátaí i nótaí mínithe den sórt sin a leasú i gcásanna ina ndéanfar, tar éis athfhógra ón mBallstát lena mbaineann chuig Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, toiliú sainráite nó intuigthe faoin gCoinbhinsiún a thabhairt chun leanúint de mhonarú agus úsáid na substainte ar feadh tréimhse eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|