+Airteagal 7 Bainistiú dramhaíola
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
|
Airteagal 7 Bainistiú dramhaíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Déanfaidh táirgeoirí agus sealbhóirí dramhaíola gach iarracht réasúnta lena sheachaint, más féidir, go n-éilleofar an dramhaíl sin le substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 7 2.
|
D'ainneoin Threoir 96/59/CE ón gComhairle (
3
), déanfar dramhaíl arb éard í aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, ina bhfuil aon substaint díobh sin nó atá éillithe ag aon substaint díobh sin, déanfar í a dhiúscairt nó a aisghabháil, gan aon mhoill mhíchuí agus i gcomhréir le Cuid 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo chun go n-áiritheofar go ndéanfar an cion ar POP é a scriosadh nó a chlaochlú ar bhealach do-aisiompaithe sa dóigh nach léir saintréithe POPanna ar an dramhaíl ná ar an scaoileadh a bheidh ann ina dhiaidh sin. Agus diúscairt nó aisghabháil den sórt sin á déanamh, féadfar aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV a scoitheadh amach ón dramhaíl, ar choinníoll go ndéanfar an tsubstaint sin a dhiúscairt ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Beidh toirmeasc ar oibríochtaí diúscartha nó aisghabhála a d'fhéadfadh dul ar aghaidh chuig aisghabháil, athchúrsáil, mínghlanadh nó athúsáid na substaintí ina n-aonar, ar substaintí iad a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 7 4.
|
De mhaolú ar mhír 2:
(a)
féadfar dramhaíl ina bhfuil aon substaint, nó atá éillithe ag aon substaint, a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dhiúscairt nó a aisghabháil ar shlí eile i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil an cion de na substaintí liostaithe atá sa dramhaíl faoi bhun na dteorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV;
(b)
i gcás dramhaíl a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V ina bhfuil substaint nó atá éillithe ag substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV suas le teorainneacha tiúchana a shonraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V, féadfaidh Ballstát nó an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát sin, i gcásanna eisceachtúla, a cheadú go ndéileálfar leis an dramhaíl sin ar shlí eile i gcomhréir le modh a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
gur léirigh an sealbhóir lena mbaineann chun sástacht údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nach mbeadh sé indéanta dí-éilliú a dhéanamh ar an dramhaíl i ndáil le substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus nach é scriosadh ná claochlú do-aisiompaithe an chion di ar POP é, de réir an dea-chleachtais comhshaoil nó na teicníochta is fearr atá ar fáil, an rogha is inmhianaithe ó thaobh an chomhshaoil agus gur údaraigh an t-údarás inniúil an oibríocht mhalartach dá dhroim sin;
(ii)
go ndearna an sealbhóir lena mbaineann faisnéis a sholáthar don údarás inniúil faoin gcion den dramhaíl ar POP é;
(iii)
go bhfuil an oibríocht i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus leis na coinníollacha a leagtar síos sna bearta breise ábhartha dá dtagraítear i mír 5;
(iv)
gur chuir an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile, an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas faoina údarú agus faoin údar cuí leis.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus ag cur san áireamh forbairtí teicniúla agus treoirlínte agus cinntí idirnáisiúnta ábhartha agus aon údaruithe arna ndeonú ag Ballstát, nó ag an údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát sin i gcomhréir le mír 4 agus le hIarscríbhinn V, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca le cur chun feidhme an Airteagail seo. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún formáid na faisnéise atá le cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le pointe (b)(iv) de mhír 4 a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(3).
|
|
Airteagal 7 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an rialú agus inrianaitheacht a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2008/98/CE, ar dhramhaíl ina bhfuil substaint nó atá éillithe ag substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|