|
+Airteagal 7 4. |
Airteagal 7 4.De mhaolú ar mhír 2:
(a)
féadfar dramhaíl ina bhfuil aon substaint, nó atá éillithe ag aon substaint, a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dhiúscairt nó a aisghabháil ar shlí eile i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil an cion de na substaintí liostaithe atá sa dramhaíl faoi bhun na dteorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV;
(b)
i gcás dramhaíl a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V ina bhfuil substaint nó atá éillithe ag substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV suas le teorainneacha tiúchana a shonraítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V, féadfaidh Ballstát nó an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát sin, i gcásanna eisceachtúla, a cheadú go ndéileálfar leis an dramhaíl sin ar shlí eile i gcomhréir le modh a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
gur léirigh an sealbhóir lena mbaineann chun sástacht údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nach mbeadh sé indéanta dí-éilliú a dhéanamh ar an dramhaíl i ndáil le substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus nach é scriosadh ná claochlú do-aisiompaithe an chion di ar POP é, de réir an dea-chleachtais comhshaoil nó na teicníochta is fearr atá ar fáil, an rogha is inmhianaithe ó thaobh an chomhshaoil agus gur údaraigh an t-údarás inniúil an oibríocht mhalartach dá dhroim sin;
(ii)
go ndearna an sealbhóir lena mbaineann faisnéis a sholáthar don údarás inniúil faoin gcion den dramhaíl ar POP é;
(iii)
go bhfuil an oibríocht i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus leis na coinníollacha a leagtar síos sna bearta breise ábhartha dá dtagraítear i mír 5;
(iv)
gur chuir an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile, an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas faoina údarú agus faoin údar cuí leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|