+Airteagal 8 1.

Airteagal 8 1.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, de bhreis ar na cúraimí a shanntar di faoi Airteagail 9, 10, 11, 13 agus 17, na cúraimí seo a leanas:

(a) 

le comhaontú an Choimisiúin, cúnamh agus treoir theicniúil agus eolaíoch a sholáthar d'údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát agus do chomhaltaí an Fhóraim um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“Fóram”), chomh maith le geallsealbhóirí de réir mar is iomchuí, chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú;

(b) 

arna iarraidh sin, ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún agus cúnamh a thabhairt dó chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú;

(c) 

tacaíocht theicniúil agus eolaíoch agus ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún maidir le substaintí a bhféadfadh sé go gcomhlíonann siad na critéir le haghaidh a liostaithe sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, agus, de réir mar is iomchuí, torthaí ó scéimeanna measúnaithe atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 3(3) á gcur san aíreamh;

(d) 

fógra a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin go n-ullmhóidh an Coimisiún togra maidir le substaint a liostú, cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile barúlacha a thíolacadh laistigh de 8 seachtaine, agus na barúlacha sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;

(e) 

tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le hullmhú agus athbhreithniú na próifíle riosca agus maidir leis an meastóireacht bainistithe riosca i ndáil le substaint a chuimsítear faoin gCoinbhinsiún, cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile barúlacha nó faisnéis bhreise, nó an dá rud, a thíolacadh laistigh de 8 seachtaine agus na barúlacha sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;

(f) 

arna iarraidh sin, tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, go háirithe i ndáil leis an gCoiste um Athbhreithniú ar POPanna;

(g) 

an fhaisnéis uile arna fáil nó atá ar fáil de bhun Airteagal 4(2) agus (3), phointe (b)(iv) d'Airteagal 7(4), Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(1) a thiomsú, a chlárú agus a phróiseáil agus a chur ar fáil don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát. I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin rúnda, cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin agus éascóidh sí malartú na faisnéise sin le hardáin faisnéise ábhartha amhail na hardáin sin dá dtagraítear in Airteagal 13(2);

(h) 

rannóga a chruthú agus a choinneáil ar a suíomh gréasáin maidir le gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

▼M17

(i) 

arna iarraidh sin don Choimisiún, tuarascáil a tharraingt suas agus a thíolacadh laistigh de 12 mhí ón iarraidh a fháil maidir leis na tionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol agus na tionchair shocheacnamaíocha a bhaineann le teorainnluachanna tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV nó V a thabhairt isteach nó a leasú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.