+Airteagal 8 Cúraimí na Gníomhaireachta agus an Fóram
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 1a.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
|
Airteagal 8 Cúraimí na Gníomhaireachta agus an Fóram
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, de bhreis ar na cúraimí a shanntar di faoi Airteagail 9, 10, 11, 13 agus 17, na cúraimí seo a leanas:
(a)
le comhaontú an Choimisiúin, cúnamh agus treoir theicniúil agus eolaíoch a sholáthar d'údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát agus do chomhaltaí an Fhóraim um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“Fóram”), chomh maith le geallsealbhóirí de réir mar is iomchuí, chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú;
(b)
arna iarraidh sin, ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún agus cúnamh a thabhairt dó chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú;
(c)
tacaíocht theicniúil agus eolaíoch agus ionchur teicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún maidir le substaintí a bhféadfadh sé go gcomhlíonann siad na critéir le haghaidh a liostaithe sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, agus, de réir mar is iomchuí, torthaí ó scéimeanna measúnaithe atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 3(3) á gcur san aíreamh;
(d)
fógra a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin go n-ullmhóidh an Coimisiún togra maidir le substaint a liostú, cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile barúlacha a thíolacadh laistigh de 8 seachtaine, agus na barúlacha sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;
(e)
tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le hullmhú agus athbhreithniú na próifíle riosca agus maidir leis an meastóireacht bainistithe riosca i ndáil le substaint a chuimsítear faoin gCoinbhinsiún, cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile barúlacha nó faisnéis bhreise, nó an dá rud, a thíolacadh laistigh de 8 seachtaine agus na barúlacha sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;
(f)
arna iarraidh sin, tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, go háirithe i ndáil leis an gCoiste um Athbhreithniú ar POPanna;
(g)
an fhaisnéis uile arna fáil nó atá ar fáil de bhun Airteagal 4(2) agus (3), phointe (b)(iv) d'Airteagal 7(4), Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(1) a thiomsú, a chlárú agus a phróiseáil agus a chur ar fáil don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát. I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin rúnda, cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin agus éascóidh sí malartú na faisnéise sin le hardáin faisnéise ábhartha amhail na hardáin sin dá dtagraítear in Airteagal 13(2);
(h)
rannóga a chruthú agus a choinneáil ar a suíomh gréasáin maidir le gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
▼M17
(i)
arna iarraidh sin don Choimisiún, tuarascáil a tharraingt suas agus a thíolacadh laistigh de 12 mhí ón iarraidh a fháil maidir leis na tionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol agus na tionchair shocheacnamaíocha a bhaineann le teorainnluachanna tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV nó V a thabhairt isteach nó a leasú.
|
|
Airteagal 8 1a.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, pointe (i):
(a)
faisnéis faoi na tionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a bhíonn ag dramhaíl atá comhdhéanta de POPanna, ina bhfuil POPanna nó atá éillithe le POPanna, lena n-áirítear tionchair ar bhainistiú dramhaíola;
(b)
faisnéis faoi thiúchain agus sreafaí maise POPanna i sruthanna ábhartha dramhaíola agus faisnéis faoi acmhainneachtaí cóireála dramhaíola agus acmhainneachtaí cóireála;
(c)
anailís ar thionchair na dteorainnluachanna tiúchana éagsúla a bhreithnítear agus an tuarascáil á tarraingt suas;
(d)
togra réasúnaithe maidir le teorainnluachanna tiúchana atá le thabhairt isteach in Iarscríbhinn IV agus, de réir mar is iomchuí, in Iarscríbhinn V.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe a gheobhaidh sí an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (i), fógra a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin go n-ullmhófar tuarascáil maidir le leasú féideartha ar Iarscríbhinn IV nó V. Iarrfar leis an bhfógra freisin ar na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear oibreoirí dramhaíola agus úsáideoirí ábhar athchúrsáilte, barúlacha a thíolacadh laistigh de 8 seachtaine. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na barúlacha sin ar a suíomh gréasáin. 9 mí ar a dhéanaí tar éis thíolacadh na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, pointe (i), den Airteagal seo, déanfaidh Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta, arna chur ar bun de bhun Airteagal 76(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim a ghlacadh maidir leis an tuarascáil agus maidir leis na teorainnluachanna tiúchana a mholtar inti. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Ansin, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil agus tuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch maidir leis na teorainnluachanna tiúchana a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Bainfear úsáid as an bhFóram chun líonra d'údaráis na mBallstát atá freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a chomhordú. Áiritheoidh comhaltaí an Fhóraim arna gceapadh ag Ballstát go ndéanfar comhordú iomchuí idir cúraimí an Fhóraim agus obair a n-údaráis inniúil Ballstáit. Tabharfaidh an Fóram páirt d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát atá freagrach as dramhaíl agus iad ag déileáil le saincheisteanna a bhaineann le dramhaíl.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Is í Rúnaíocht na Gníomhaireachta a dhéanfaidh na cúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht faoin Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|